Conas Iarratas a Dhéanamh ar Ordú um Fhoréigean Baile

Is é an bealach is coitianta chun iarratas a dhéanamh ar ordú um fhoréigean baile ná tríd an gCúirt Dúiche. Leagtar amach in Ordú 59 de Rialacha na Cúirte Dúiche na céimeanna atá le leanúint agus iarratas á dhéanamh. Is féidir leat iarratas a dhéanamh freisin tríd an gCúirt Chuarda nó tríd an Ard-Chúirt.

Baineann na céimeanna seo a leanas le hiarratais chuig an gCúirt Dúiche amháin.

Chun a fháil amach conas iarratas a dhéanamh ar ordú um Fhoréigean Baile, léirigh le do thoil cé acu an dteastaíonn nó nach dteastaíonn cosaint láithreach ó ordú sealadach nó gearrthéarmach uait. Beidh an próiseas iarratais thíos éagsúil ag brath ar cén cheann a roghnaíonn tú.

Cá hÁit le hIarratas a Chur Isteach

Sula ndéanfaidh tú iarratas, beidh ort cinneadh a dhéanamh maidir le cén oifig Cúirte Dúiche ar cheart teagmháil a dhéanamh leo - an oifig sa cheantar ina bhfuil cónaí ort faoi láthair nó an áit a mbeadh cónaí ort de ghnáth. B'fhéidir go dteastódh cabhair phráinneach ó na Gardaí nó ó ghrúpa tacaíochta uait freisin.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin > 

Deimhnigh an t-ordú cúirte is mian leat iarratas a dhéanamh air

Cuirfidh foireann na hoifige cúirte in iúl duit na roghanna ordaithe um fhoréigean baile atá ar fáil mura bhfuil tú cinnte cén cheann ar cheart duit iarratas a dhéanamh air. Mura bhfuil tú incháilithe b'fhéidir gur mhaith leat comhairle dlí a fháil chun do roghanna a thuiscint i gceart.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin > 

Comhlánaigh an páipéarachas

Cuir foireann na hoifige ar an eolas má theastaíonn uait - nó má tá tú ag smaoineamh faoi - cosaint shealadachghearrthéarmach láithreach a fháil. Cuirfidh foireann na hOifige in iúl duit do roghanna ordaithe um fhoréigean baile agus cabhróidh siad leat páipéarachas ábhartha a chomhlánú.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin > 

Freastail ar éisteacht chúirte le haghaidh ordú um fhoréigean baile láithreach

Go gairid tar éis duit an páipéarachas a chomhlánú, socróidh foireann oifig na cúirte go ndéanfaidh tú d'iarratas chuig breitheamh ag éisteacht chúirte phríobháideach. D'fhéadfadh an éisteacht agus cinneadh an bhreithimh a bheith ar an lá céanna.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin >

Seirbheáiltear doiciméid ar an bhfreagróir

Seirbheálfaidh an tSeirbhís Chúirteanna nó na Gardaí na doiciméid ábhartha go léir ar an bhfreagróir ar do shon.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin > 

Freastail ar éisteacht chúirte iomlán le haghaidh Ordú Sábháilteachta, Ordú Urchoisc nó an dá cheann

Gheobhaidh tú toghairm chun freastal ar éisteacht chúirte phríobháideach ina ndéanfaidh breitheamh cinneadh maidir le d'iarratas ar chosaint fhadtéarmach Ordú Sábháilteachta nó Ordú Urchoisc. Féadfaidh an freagróir a bheith i láthair nó a bheith as láthair.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin > 

Tar éis na héisteachta cúirte

Tar éis na héisteachta cúirte, gheobhaidh tú féin agus an freagróir cóip den ordú cúirte a luaithe a bheidh sé réidh. Mura bhfuil tú sásta le cinneadh an bhreithimh, is féidir leat próiseas achomhairc a leanúint.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin > 

Cá hÁit le hIarratas a Chur Isteach

Sula ndéanfaidh tú iarratas, beidh ort cinneadh a dhéanamh maidir le cén oifig Cúirte Dúiche ar cheart teagmháil a dhéanamh leo - an oifig sa cheantar ina bhfuil cónaí ort faoi láthair nó an áit a mbeadh cónaí ort de ghnáth. B'fhéidir go dteastódh cabhair phráinneach ó na Gardaí nó ó ghrúpa tacaíochta uait freisin.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin > 

Deimhnigh an t-ordú cúirte is mian leat iarratas a dhéanamh air

Cuirfidh foireann na hoifige cúirte in iúl duit na roghanna ordaithe um fhoréigean baile atá ar fáil mura bhfuil tú cinnte cén cheann ar cheart duit iarratas a dhéanamh air. Tá leigheasanna cosanta eile ann mura bhfuil tú incháilithe.