Cad is Ordú Cosanta ann?

Is ordú gearrthéarmach é Ordú Cosanta. Tugtar 'Ordú Sábháilteachta Sealadach' air uaireanta toisc go dtugann sé an chosaint chéanna le hOrdú Sábháilteachta ach thar thréimhse ama níos giorra.

Tugann Ordú Cosanta ordú don fhreagróir stop a chur le tuilleadh foréigin nó bagairtí foréigin a dhéanamh. Is féidir le breitheamh an t-ordú sin a dhéanamh má chreideann sé/sí go bhfuil baol láithreach ann go ndéanfaí dochar suntasach duit féin nó d'aon leanaí cleithiúnacha.

Má tá an freagróir ina c(h)ónaí leat, thugann sé ordú dó/di an teach a fhágáil.

Mura bhfuil an duine ina c(h)ónaí leat, tugann sé ordú dó/di fanacht amach ó do theach, gan a bheith in aice le do theach agus gan a bheith ag féachaint ar do theach. D'fhéadfadh Ordú Cosanta freisin ordú a thabhairt don duine sin stop a chur le tú a leanúint, nó cumarsáid a dhéanamh ó bhéal agus go leictreonach leat féin nó le haon leanaí cleithiúnacha.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Ordú Cosanta agus tú ag fanacht go n-éistfidh an chúirt le d'iarratas iomlán ar Ordú Sábháilteachta nó ar Ordú Urchoisc. Is féidir an dá iarratas a dhéanamh ag an am céanna.

De ghnáth déantar iarratais ar Ordú Cosanta 'ex-parte'. Ciallaíonn sé sin go ndéantar an t-iarratas gan an freagróir a chur ar an eolas.

Conas iarratas a dhéanamh ar Ordú Cosanta >

Cá fhad a mhaireann Ordú Cosanta?

Is iondúil go maireann Ordú Cosanta go dtí go n-éisteann an chúirt d'iarratas iomlán ar Ordú Sábháilteachta nó ar Ordú Urchoisc.

Má chuirtear d'éisteacht chúirte ar atráth - ciallaíonn sé sin go gcuirtear siar é go dtí dáta níos déanaí - fanfaidh an t-ordú i bhfeidhm. Cuirfidh oifig na cúirte an Garda Síochána ar an eolas faoi sin.

Mura dtagann tú os comhair na cúirte le haghaidh éisteacht d'iarratais ar Ordú Sábháilteachta nó ar Ordú Urchoisc, féadfaidh breitheamh d'iarratas a 'scriosadh amach'. Ciallaíonn sé sin nach bhfuil an t-Ordú Cosanta i bhfeidhm a thuilleadh ach an oiread.

Cé atá in ann iarratas a dhéanamh ar Ordú Cosanta?

Is féidir leis na daoine agus na heagraíochtaí seo a leanas iarratas a dhéanamh:

  • Céile nó páirtí sibhialta reatha.
  • Iarchéile nó iarpháirtí sibhialta.
  • Duine a bhí i ndlúthchaidreamh leis an bhfreagróir sula ndearna sé/sí iarratas ar ordú sábháilteachta. Is faoin gcúirt a bheidh sé cinneadh a dhéanamh maidir le cineál an chaidrimh.
  • Tuismitheoir an fhreagróra sa chás go bhfuil an freagróir os cionn 18 mbliana d'aois agus nach bhfuil sé/sí ag brath ar an tuismitheoir.
  • Tuismitheoir linbh arb é/í tuismitheoir eile an freagróir.
  • Duine fásta a chónaíonn leis an bhfreagróir i gcaidreamh neamhchonarthach, amhail beirt ghaolta a chónaíonn le chéile.
  • Tusla, an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, thar ceann duine éagóirithe. Ciallaíonn sé sin duine atá, i dtuairim Tusla, i mbaol foréigin baile nó atá ina (h)íospartach foréigin baile. D'fhéadfadh an duine sin bheith ina d(h)uine fásta nó ina d(h)uine cleithiúnach.