Cad is Ordú Sábháilteachta ann?

Is ordú iomlán nó fad téarmach é Ordú Sábháilteachta. Tugann sé ordú don fhreagróir stop a chur le tuilleadh foréigin nó bagairtí foréigin a dhéanamh. Má tá an freagróir ina c(h)ónaí leat, thugann sé ordú dó/di an teach a fhágáil.

Mura bhfuil an duine ina c(h)ónaí leat, tugann sé ordú dó/di fanacht amach ó do theach, gan a bheith in aice le do theach agus gan a bheith ag féachaint ar do theach. D'fhéadfadh Ordú Sábháilteachta freisin ordú a thabhairt don duine sin stop a chur le tú a leanúint, nó cumarsáid a dhéanamh ó bhéal agus go leictreonach leat féin nó le leanaí cleithiúnacha.

Déanfaidh breitheamh cinneadh ar na saincheisteanna sin ar bhonn cás ar chás.

Conas iarratas a dhéanamh ar Ordú Sábháilteachta >

Cá fhad a mhaireann Ordú Sábháilteachta?

Is féidir le hOrdú Sábháilteachta a dhéanann an Chúirt Dúiche a bheith i bhfeidhm ar feadh suas le 5 bliana. Baineann an teorainn ama sin freisin le hOrdú Sábháilteachta a dhéanann an Chúirt Chuarda ar achomharc ón gCúirt Dúiche.

Is féidir iarratas a dhéanamh chun Ordú Sábháilteachta a athnuachan ar nó roimh an dáta a rachaidh sé in éag.

Cé atá in ann iarratas a dhéanamh ar Ordú Sábháilteachta?

Is féidir leis na daoine agus na heagraíochtaí seo a leanas iarratas a dhéanamh:

  • Céile nó páirtí sibhialta reatha.
  • Iarchéile nó iarpháirtí sibhialta.
  • Duine a bhí i ndlúthchaidreamh leis an bhfreagróir sula ndearna sé/sí iarratas ar ordú sábháilteachta. Is faoin gcúirt a bheidh sé cinneadh a dhéanamh maidir le cineál an chaidrimh.
  • Tuismitheoir an fhreagróra sa chás go bhfuil an freagróir os cionn 18 mbliana d'aois agus nach bhfuil sé/sí ag brath ar an tuismitheoir.
  • Tuismitheoir linbh arb é/í tuismitheoir eile an freagróir.
  • Duine fásta a chónaíonn leis an bhfreagróir i gcaidreamh neamhchonarthach, amhail beirt ghaolta a chónaíonn le chéile.