Cad is Ordú Urchoisc ann?

Is ordú iomlán nó fadtéarmach ón gcúirt é Ordú Urchoisc.

Tugann sé ordú don fhreagróir imeacht ó - nó fanacht amach ó - do theach agus ó aon leanaí cleithiúnacha. I gcásanna áirithe, is féidir leis an ordú sin ordú a thabhairt dó/di stop a chur le foréigean a úsáid - nó stop a chur le bagairt a dhéanamh foréigean a úsáid i do choinne - nó eagla a chur ort. D'fhéadfadh sé freisin ordú a thabhairt don duine sin stopadh de thú a leanúint, nó cumarsáid a dhéanamh ó bhéal nó go leictreonach leat féin nó le leanaí cleithiúnacha.

Ní féidir é a eisiúint ach amháin do chéilí nó páirtithe sibhialta reatha, nó do dhaoine áirithe a bhfuil cearta úinéireachta céanna nó níos mó acu sa bhaile ná atá ag an bhfreagróir.

Má theastaíonn cosaint láithreach uait, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Ordú Urchoisc Eatramhach nó ar Ordú Cosanta. Is féidir leat é sin a dhéanamh agus tú ag fanacht leis an gcúirt d'iarratas ar Ordú Urchoisc iomlán a éisteacht. Is féidir an dá iarratas a dhéanamh ag an am céanna.

Conas iarratas a dhéanamh ar Ordú Urchoisc >

Cá fhad a mhaireann Ordú Urchoisc?

Is féidir le hOrdú Urchoisc a dhéanann an Chúirt Dúiche a bheith i bhfeidhm ar feadh suas le 3 bliana. Baineann an teorainn ama seo freisin le hOrdú Urchoisc a dhéanann an Chúirt Chuarda ar achomharc ón gCúirt Dúiche.

Is féidir iarratas a dhéanamh chun ordú urchoisc a athnuachan ar nó roimh an dáta a rachaidh sé in éag.

Cé atá in ann iarratas a dhéanamh ar Ordú Urchoisc?

Is féidir le céile nó páirtí sibhialta reatha an fhreagróra iarratas a dhéanamh.

Féadfaidh na daoine seo a leanas iarratas a dhéanamh freisin má tá an leas céanna nó leas níos mó acu sa réadmhaoin ná atá ag an bhfreagróir. Tugtar "tástáil mhaoine a shásamh" air sin:

  • Iarchéile nó iarpháirtí sibhialta.
  • Duine a chónaíonn nó a chónaigh leis an bhfreagróir i ndlúthchaidreamh. Is faoin gcúirt a bheidh sé cinneadh a dhéanamh maidir le cineál an chaidrimh.
  • Tuismitheoir freagróra sa chás go bhfuil an freagróir os cionn 18 mbliana d'aois ach nach bhfuil sé/sí ag brath ar an tuismitheoir.

Is féidir le Tusla, an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, iarratas a dhéanamh thar ceann aon duine éagóirithe incháilithe. Ciallaíonn sé sin duine atá, i dtuairim Tusla, i mbaol, nó ina (h)íospartach, d'fhoréigean baile. D'fhéadfadh an duine seo a bheith ina d(h)uine fásta nó ina d(h)uine cleithiúnach.