Cad is Ordú Urchoisc Eatramhach ann?

Is ordú sealadach nó gearrthéarmach é Ordú Urchoisc Eatramhach. Is ordú láithreach é freisin.

Tugann sé ordú don fhreagróir imeacht ó - agus fanacht amach ó - do theach agus ó aon leanaí cleithiúnacha. Ní mór dó/di é sin a dhéanamh chomh luath is atá a fhios aige/aici go bhfuil an t-ordú i bhfeidhm. I gcásanna áirithe, is féidir leis an ordú sin ordú a thabhairt dó/di stop a chur le foréigean a úsáid - nó stop a chur le bagairt a dhéanamh foréigean a úsáid i do choinne - nó eagla a chur ort. D'fhéadfadh sé freisin ordú a thabhairt don duine sin stopadh de thú a leanúint, nó cumarsáid a dhéanamh ó bhéal nó go leictreonach leat féin nó le leanaí cleithiúnacha.

Is féidir le breitheamh an t-ordú sin a dhéanamh má chreideann sé/sí go bhfuil baol láithreach ann go ndéanfaí dochar suntasach duit féin nó do leanaí cleithiúnacha agus nach mbeadh Ordú Cosanta ina chosaint leordhóthanach.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Ordú Urchoisc Eatramhach agus tú ag fanacht go n-éistfidh an chúirt d'iarratas iomlán ar Ordú Urchoisc iomlán. Is féidir an dá iarratas a dhéanamh ag an am céanna.

De ghnáth déantar iarratais ar Ordú Urchoisc Eatramhach 'ex-parte'. Ciallaíonn sé sin go ndéantar an t-iarratas gan an freagróir a chur ar an eolas.

Conas iarratas a dhéanamh ar Ordú Urchoisc Eatramhach >

Cá fhad a mhaireann Ordú Urchoisc Eatramhach?

Fanann sé i bhfeidhm ar feadh 8 lá oibre ar a mhéad nó go dtí go n-éisteann an chúirt d'iarratas ar Ordú Urchoisc iomlán.

Mura dtagann tú os comhair na cúirte le haghaidh éisteacht d'iarratais ar Ordú Urchoisc, féadfaidh breitheamh d'iarratas a 'scriosadh amach'. Ciallaíonn sé sin nach bhfuil an chosaint ón Ordú Urchoisc Eatramhach gearrthéarmach i bhfeidhm a thuilleadh.

Cé atá in ann iarratas a dhéanamh ar Ordú Urchoisc Eatramhach?

Is féidir le céile nó páirtí sibhialta reatha an fhreagróra iarratas a dhéanamh.

Féadfaidh na daoine seo a leanas iarratas a dhéanamh freisin má tá an leas céanna nó leas níos mó acu sa réadmhaoin ná atá ag an bhfreagróir. Tugtar "tástáil mhaoine a shásamh" air sin:

  • Iarchéile nó iarpháirtí sibhialta.
  • Duine a chónaíonn nó a chónaigh leis an bhfreagróir i ndlúthchaidreamh. Is faoin gcúirt a bheidh sé cinneadh a dhéanamh maidir le cineál an chaidrimh.
  • Tuismitheoir freagróra sa chás go bhfuil an freagróir os cionn 18 mbliana d'aois ach nach bhfuil sé/sí ag brath ar an tuismitheoir.

Is féidir le Tusla, an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, iarratas a dhéanamh thar ceann aon duine éagóirithe incháilithe. Ciallaíonn sé sin duine atá, i dtuairim Tusla, i mbaol, nó ina (h)íospartach, d'fhoréigean baile. D'fhéadfadh an duine seo a bheith ina d(h)uine fásta nó ina d(h)uine cleithiúnach.