Cad is Ordú Urchoisc Éigeandála ann?

Is ordú sealadach nó gearrthéarmach é Ordú Urchoisc Éigeandála. Is ordú láithreach é freisin.

Tugann sé ordú don fhreagróir imeacht ó - agus fanacht amach ó - do theach agus ó leanaí cleithiúnacha. I gcásanna áirithe, is féidir leis an ordú sin ordú a thabhairt dó/di stop a chur le foréigean a úsáid - nó stop a chur le bagairt a dhéanamh foréigean a úsáid i do choinne - nó eagla a chur ort. D'fhéadfadh sé freisin ordú a thabhairt don duine sin stopadh de thú a leanúint, nó cumarsáid a dhéanamh ó bhéal nó go leictreonach leat féin nó le leanaí cleithiúnacha.

Is féidir le breitheamh an t-ordú sin a dhéanamh má chreideann sé/sí go bhfuil baol láithreach ann go ndéanfaí dochar suntasach duit féin nó do leanaí cleithiúnacha.

Ní dhéantar é ach amháin sa chás go bhfuil níos lú cearta úinéireachta agat sa teach ná atá ag an bhfreagróir.

Cá fhad a mhaireann Ordú Urchoisc Éigeandála?

Is féidir le hOrdú Urchoisc Éigeandála maireachtáil ar feadh 8 lá oibre ar a mhéad.

Nuair a thagann deireadh leis an teorainn ama 8 lá, b'fhéidir go mbeidh ort fanacht ar feadh míosa chun iarratas a dhéanamh ar cheann eile. I gcúinsí eisceachtúla, is féidir le breitheamh an t-am feithimh míosa seo a tharscaoileadh nó neamhaird a dhéanamh air.

Cé atá in ann iarratas a dhéanamh ar Ordú Urchoisc Éigeandála

Is féidir leis na daoine agus na heagraíochtaí seo a leanas iarratas a dhéanamh:

  • Duine a chónaíonn nó a chónaigh leis an bhfreagróir i ndlúthchaidreamh. Is faoin gcúirt a bheidh sé cinneadh a dhéanamh maidir le cineál an chaidrimh.
  • Tuismitheoir freagróra sa chás go bhfuil an freagróir os cionn 18 mbliana d'aois ach nach bhfuil sé/sí ag brath ar an tuismitheoir.
  • Tusla, an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, thar ceann duine éagóirithe. Ciallaíonn sé sin duine atá, i dtuairim Tusla, i mbaol foréigin baile nó atá ina (h)íospartach foréigin baile. D'fhéadfadh an duine sin bheith ina d(h)uine fásta nó ina d(h)uine cleithiúnach

Ní dheonaítear Ordú Urchoisc Éigeandála ach amháin i gcás nach bhfuil aon chearta dlíthiúla ag an iarratasóir ar an réadmhaoin nó sa chás go bhfuil a c(h)earta dlíthiúla níos lú ná cearta an fhreagróra.

Conas iarratas a dhéanamh ar Ordú Urchoisc Éigeandála

Más mian leat iarratas a dhéanamh chun iarratas a dhéanamh ar Ordú Urchoisc Éigeandála, ba cheart duit cuairt a thabhairt ar oifig na cúirte do do Cheantar Cúirte Dúiche nó teagmháil a dhéanamh léi.

De ghnáth déantar iarratais ar Ordú Urchoisc Éigeandála ar bhonn 'ex-parte'. Ciallaíonn sé sin go ndéantar an t-iarratas gan an freagróir a chur ar an eolas.

Aimsigh do Cheantar Cúirte Dúiche anseo >

Aimsigh Oifig na Seirbhíse Cúirteanna is áitiúla duit anseo >