Idirscaradh agus Colscaradh

 

Nuair a thagann deireadh le do phósadh nó le do pháirtnéireacht shibhialta, tá roinnt roghanna ar fáil duit.

Is é atá i gceist le comhaontú idirscartha ná nuair a aontaíonn an bheirt chéilí nó an bheirt pháirtithe faoin gcaoi nach mbeidh siad ina gcónaí in aontíos. Is comhaontú lasmuigh den chúirt é, rud a fhágann nach bhfuil sé leagtha amach ag breitheamh.

I gcás nach féidir leis an mbeirt chéilí teacht ar chomhaontú agus gur mian leo go ndéanfadh breitheamh cinneadh, is féidir leo iarratas a dhéanamh ar idirscaradh breithiúnach. Is ordú cúirte é sin a dhéanann breitheamh ina leagtar amach na téarmaí faoina mbeidh an bheirt chéilí ina gcónaí ar leithligh. Ní cheadaítear le comhaontú idirscartha ná le hidirscaradh breithiúnach duit athphósadh.

Is éard is Colscaradh ann ná ordú cúirte a dhéanann breitheamh lena gcuirtear pósadh ar ceal. Is féidir leis an mbeirt chéilí athphósadh tar éis ordú colscartha a dheonú. Ní gá duit comhaontú idirscartha nó idirscaradh breithiúnach a bheith agat sula ndéanann tú iarratas ar cholscaradh.

Ar an mbealach céanna, is féidir leat iarraidh ar bhreitheamh deireadh a chur go dlíthiúil le páirtnéireacht shibhialta.

Faigh tuilleadh eolais thíos.

Cabhair a Fháil