Caomhnóireacht

Cad is caomhnóireacht ann?

Is éard is caomhnóireacht ann ná freagracht dhlíthiúil duine chun dualgais a chomhlíonadh maidir le tógáil agus leas linbh. Áirítear léi freisin an ceart cinntí a dhéanamh faoi réimsí móra i saol an linbh.

Mar shampla, tá dualgas ar chaomhnóirí aire cheart a thabhairt do leanbh. Tá cearta acu freisin a bhféadfadh cinntí maidir leis na nithe seo a leanas a bheith san áireamh iontu:

  • toiliú le cóir leighis
  • cén scoil a bhfreastalaíonn an leanbh uirthi
  • iarratais ar phas agus an leanbh a thógáil amach as an tír
  • tógáil creidimh an linbh

Tagann deireadh le caomhnóireacht nuair a shroicheann leanbh 18 mbliana d'aois mura bhfaigheann caomhnóir bás nó mura mbaintear as mar chaomhnóir é/í roimhe sin.

Níor chóir caomhnóireacht a mheascadh le coimeád a bhaineann le cúram laethúil linbh. Níor cheart é a mheascadh le rochtain ach an oiread, arb é an ceart dlíthiúil atá ag leanbh agus duine fásta teagmháil a bheith acu lena chéile nuair nach gcónaíonn siad le chéile.