Conas Iarratas a Dhéanamh

Céim 7
Faigh ordú cúirte

Ag an éisteacht chúirte, déanfaidh an breitheamh cinneadh ar an iarratas. Tugtar ordú cúirte ar chinneadh an bhreithimh.

Tabharfaidh oifig na cúirte an t-ordú cúirte chun críche agus seolfaidh sí chugat agus chuig an bhfreagróir é, nó chuig bhur n-aturnaetha a luaithe a bheidh sé réidh.

Ba chóir duit é sin a fháil laistigh de cheithre seachtaine ó éisteacht an cháis. Mura bhfaigheann tú an t-ordú cúirte laistigh den tréimhse sin, déan teagmháil le hoifig na cúirte.

Tá sé de cheart agat achomharc a dhéanamh mura bhfuil tú sásta le cinneadh an bhreithimh. Más mian leat achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh, ní mór duit do dhoiciméid achomhairc a chomhdú laistigh de cheithre lá dhéag ón éisteacht chúirte.

Tuilleadh eolais maidir le hachomharc a dhéanamh ar Ordú Cúirte Dúiche >

Mura gcloítear le hordú cúirte b'fhéidir gur mhaith leat comhairle dlí a fháil. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh freisin leis an oifig chúirte ina ndearnadh an t-ordú.