Tuairiscí faoi Leanaí

Sa chás go bhfuil leanaí páirteach i gcás Dlí Teaghlaigh, b'fhéidir gur mhaith le breitheamh eolas a fháil faoina leas, faoina sábháilteacht, faoina sláinte agus faoina gcúram. Má tá leanbh ag aois oiriúnach agus aibí go leor, b'fhéidir gur mhaith leis an mbreitheamh a dtuairimí a chur san áireamh.

Chun níos mó a fhoghlaim faoi leanbh, féadfaidh an breitheamh a chinneadh go dteastaíonn tuarascáil ó shaineolaí uaidh/uaithi. Tá cineálacha éagsúla tuarascálacha ann ag brath ar an eolas a theastaíonn ón gcúirt, agus ar an gcineál cáis atá ann.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi rud éigin a bhfuil tionchar aige ar leas linbh, féadfaidh an breitheamh "Tuarascáil Leasa Leanaí" a ordú. Chun mianta agus tuairimí linbh a chloisteáil, féadfaidh sé/sí "Tuarascáil Ghuth an Linbh " a ordú. Má tá imní air/uirthi faoi leas nó sábháilteacht linbh, féadfaidh sé/sí "Tuarascáil Alt 20" a ordú.

Déanfaidh an breitheamh cinneadh maidir leis an gcineál tuarascála atá ag teastáil, agus déanfaidh sé/sí cinneadh maidir le cé a dhéanfaidh an measúnú agus cé a dhéanfaidh an tuarascáil.

Tuarascálacha Leasa Leanaí

Ceadaítear leis an dlí sin do bhreitheamh a ordú go gcuirfí tuarascáil ar fáil maidir le haon saincheist a chuireann isteach ar leas linbh. Is minic a thugtar "Tuarascálacha Alt 32 (1)(a)", "Tuarascálacha Alt 47" nó go simplí, "tuarascálacha leasa leanaí" ar na tuarascálacha sin.

De ghnáth, is síceolaithe leanaí a dhéanann na tuarascálacha sin ach d'fhéadfadh an chúirt saineolaithe eile a cheapadh freisin. Déanfaidh an saineolaí a cheapfar measúnú ar leas leanaí agus gheobhaidh sé/sí amach faoi mhianta agus tuairimí an linbh. Cuirfidh sé/sí tuarascáil ar fáil ansin don chúirt, ina leagfar amach a t(h)uairim ghairmiúil. Féadfaidh sé/sí moltaí a chur faoi bhráid na cúirte freisin maidir le saincheisteanna amhail coimeád nó rochtain nó ábhair eile.

Tá táillí ann chun na tuarascálacha sin a ullmhú nach mór do na páirtithe sna himeachtaí a íoc. Déanfaidh an breitheamh cinneadh faoin méid a bheidh le híoc ag gach páirtí.

Tuarascálacha "Ghuth an Linbh"

Leis an dlí sin ceadaítear do bhreitheamh saineolaí a cheapadh chun tuairimí linbh a chur san áireamh agus iad a thuairisciú don chúirt. Is minic a thugtar "Tuarascálacha Alt 32 (1)(b)", "Tuarascálacha Alt 27" nó go simplí, "tuarascálacha ghuth an linbh" ar na tuarascálacha sin.

Sula ndéanann an chúirt cinneadh maidir le cibé an ndéanfar saineolaí a cheapadh do thuarascáil den sórt sin, cuirfidh an chúirt an méid seo a leanas san áireamh:

  • aois agus aibíocht an linbh
  • na saincheisteanna atá faoi dhíospóid
  • aon tuarascálacha a rinneadh roimhe seo
  • leas an linbh
  • má dhéantar an t-ordú sin, an gcabhróidh sé leis an leanbh a t(h)uairimí a chur in iúl, agus
  • tuairimí páirtithe eile sa chás

Má chinneann an chúirt an tuarascáil a iarraidh, ceapfar saineolaí. Ní mór don saineolaí a bheith cáilithe go cuí:

  • Síciatraí
  • Síceolaí
  • Oibrí sóisialta
  • Múinteoir cláraithe

Nuair a cheapfar é/í, cuirfidh an saineolaí aibíocht an linbh san áireamh agus cinnfidh sé/sí an bhfuil an leanbh in ann a t(h)uairimí féin maidir leis an gcás a chur in iúl. Má tá an leanbh in ann a t(h)uairimí féin a fhorbairt, cuirfidh an saineolaí tuarascáil ar fáil don chúirt faoi thuairimí an linbh go ginearálta, nó faoi aon cheisteanna sonracha a d'fhéadfadh a bheith ag an gcúirt ina leith.

Tuarascálacha Alt 20

Leis an dlí sin, ceadaítear do bhreitheamh a iarraidh ar an nGníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach (GLT) imscrúdú a dhéanamh ar chúinsí linbh amhail a leas, a s(h)ábháilteacht, a s(h)láinte agus a c(h)úram. Déanfaidh oibrí sóisialta an t-imscrúdú sin agus cuirfidh sé/sí tuarascáil ar fáil don chúirt. Tugtar "Tuarascálacha Alt 20" ar na tuarascálacha sin go minic.

Mar chuid den imscrúdú, ní mór don GLT breithniú a dhéanamh ar ar cheart dó an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • iarratas a dhéanamh ar ordú cúraim nó ar ordú maoirseachta
  • tacaíochtaí agus cúnamh a chur ar fáil don leanbh nó don teaghlach, nó
  • aon chéimeanna riachtanacha eile a ghlacadh i ndáil leis an leanbh
Má chinneann an GLT gan iarratas a dhéanamh ar ordú cúraim nó ar ordú maoirseachta, ní mór dóibh na cúiseanna a mhíniú don chúirt. Ní mór dó an chúirt a chur ar an eolas freisin faoi aon tacaíochtaí nó cúnamh a chuir siad ar fáil, nó a bhfuil sé ar intinn aige a chur ar fáil, don leanbh nó don teaghlach.