Iarratas aturnae

Céim 1 - Tiomsaigh cáipéisí

Sula dtosaíonn tú ar an bpróiseas iarratais, ní mór duit na cáipéisí riachtanacha go léir a bhailiú.

Céim ríthábhachtach is ea faisnéis a sholáthar do na Coimisinéirí Ioncaim faoi shócmhainní an duine nach maireann. Cinntigh go gcomhlánaíonn tú Ráiteas Cúrsaí (SA.2) na gCoimisinéirí Ioncaim ar líne nó or Mionnscríbhinn Ioncam Intíre (tuilleadh eolais thíos).

Tá sé ríthábhachtach sraith iomlán cáipéisí a chur isteach. Ní ghlacfar le hiarratais neamhiomlána agus seolfaidh an Oifig Phrobháide nó an Chlárlann Phrobháide Cheantair ar ais iad.

Seicliosta don iarratas

Déan tagairt do seicliosta an aturnae cuí thíos le haghaidh liosta mionsonraithe de na doiciméid a bheidh ag teastáil uait agus rudaí ar chóir duit a sheiceáil sula gcuireann tú d’iarratas isteach: