Ag cur isteach ar phrobháid

Céim 6 - Freastal ar do choinne

Do Choinne le hoifigeach probháide

Déantar do choinne le hoifigeach Probháide go príobháideach agus ní i seomra cúirte.

  • Am Teachta: Tar 10 nóiméad roimh do choinne sceidealaithe.

  • Athsceidealú: Mura féidir leat freastal ar do choinne ar an dáta agus ar an am atá leagtha síos, déan teagmháil leis an oifig chuí roimh ré chun coinne nua a shocrú. Áireofar sonraí teagmhála na hOifige sa chumarsáid a fuair tú faoin choinne.

Ag an gcoinne féadfaidh tú a bheith ag súil leis na nithe seo a leanas:

  • Athbhreithniú ar dhoiciméid: Déanfar athbhreithniú ar gach doiciméad ábhartha.
  • Eolas breise a sholáthar: D’fhéadfadh ceisteanna a bheith ag an oifigeach probháide faoi d’iarratas nó faisnéis bhreise a iarraidh ort le linn do choinne.
  • Mionn a thabhairt nó a dhearbhú: Tabharfar mionn duit le mionnú nó le dearbhú os comhair an oifigigh phrobháide.
  • Táille probháide a íoc: Déanfar an táille probháide a ríomh bunaithe ar ghlanluach eastát na hÉireann. is féidir táillí probháide a íoc trí:
    • Cárta dochair/creidmheasa.
    • Cárta táille oifigiúil ó Oifig Stampa na Seirbhíse Cúirteanna.

Maidir le Clárlanna Probháide Dúiche, seiceáil na hoifigí sonracha maidir lena modhanna íocaíochta.

Táillí iarratais phearsanta

Luach an Eastáit

Táille
€100,000€200
€250,000€400
€500,000€700
€750,000€1,000
Thar €1,000,000€1,300
(móide € 800 ar gach € 500,000 nó cuid de níos mó ná € 1,000,000)

I gcás cásanna inar eisíodh deonú cheana féin (iarratais dhúbailte, iarratais atá imithe i léig, deonú ionadaíochta gan riar nó deonú ionadaíochta dúblach (DBN) beidh táille € 300 i gceist.

Nótaí tábhachtacha:

  • Ní féidir linn comhairle dlí a sholáthar. Ní chuirfear comhairle dlí ar fáil le linn do choinne. Má thagann ceisteanna chun cinn, féadfar coinne eile a sceidealú.
  • Seans go mbeidh ort aturnae a fhostú. Má thagann sé chun solais go dteastaíonn comhairle ó aturnae maidir le do chás, iarrfar ort d’iarratas pearsanta a tharraingt siar agus cúnamh dlíthiúil a lorg. Is cinneadh críochnaitheach cinneadh na hOifige Probháide san ábhar seo.

Cóipeanna de dhoiciméid a ordú

Le linn do choinne, más gá, féadfaidh tú cóipeanna breise den deonú, uacht, nó doiciméid eile a ordú. Beidh ort an Táille ábhartha a íoc as na cóipeanna seo le cárta dochair nó creidmheasa nó le cárta táille oifigiúil ó Oifig Stampála na Seirbhíse Cúirteanna.

MírTáille
Cóip oifigiúil den Deonú€15
Cóip oifigiúil den Uacht€15
Cóip oifigiúil d'Uacht agus de Dheonú€30
Cóip Shéalaithe & Dheimhnithe den Deonú€20
Cóip Shéalaithe & Dheimhnithe den Uacht€20
Cóip Shéalaithe & Dheimhnithe den Uacht agus Deonú€25
Ráiteas Cúrsaí€25

Féadfaidh tú cóipeanna a ordú ó Rannóg na nOifigí Ginearálta tar éis don deonú ionadaíochta a bheith eisithe.