Ag cur isteach ar phrobháid

Céim 1 - Sula dtosaíonn tú

Na chéad rudaí le seiceáil:

Cinntigh le do thoil go léann tú an t-eolas ar ár leathanach Probháid a Mhíniú sula dtéann tú ar aghaidh. Cabhróidh sé seo leat:

  1. A thuiscint cathain a bhíonn, agus nach bhfuil, probháid ag teastáil
  2. Seiceáil go bhfuil tú i dteideal iarratas a dhéanamh

Cathain is ceart aturnae a úsáid chun iarratas a dhéanamh ar phrobháid:

Fiú má tá tú i dteideal iarratas a dhéanamh ar phrobháid, ní mór duit aturnae a fhostú chun iarratas a dhéanamh ar do shon má:

  • Tá an duine atá ag déanamh iarratais faoi bhun 18 mbliana d’aois.
  • Tá an uacht bhunaidh caillte.
  • Tá ceisteanna ann maidir le bailíocht na huachta.
  • Tá conspóidí ar siúl i measc neasghaoil faoin eastát.
  • Is Coimircí Cúirte an duine atá i dteideal iarratas a dhéanamh nó níl an cumas acu a gcinntí féin a dhéanamh.
  • Bhí sainchónaí ar an duine a fuair bás lasmuigh de Phoblacht na hÉireann agus d’fhág siad uacht i dteanga iasachta.
  • Bhí sainchónaí ar an duine a fuair bás lasmuigh de Phoblacht na hÉireann agus d’fhág siad sócmhainní in Éirinn ach níor fhág siad uacht agus níor eisíodh aon deonú ionadaíochta ina dtír sainchónaithe.
  • Bhí sainchónaí ar an duine a fuair bás lasmuigh de Phoblacht na hÉireann agus d’fhág siad uacht ach níor eisíodh aon deonú ionadaíochta ina dtír sainchónaithe agus tá sé beartaithe ag duine seachas an seiceadóir iarratas a dhéanamh ar dheonú in Éirinn.
  • Níl cónaí ar an té a bheartaíonn iarratas a dhéanamh i bPoblacht na hÉireann, agus tá tairbhithe ann, seachas céile an duine nach maireann, a gheobhaidh €20,000 nó níos mó den eastát le hoidhreacht.

D’fhéadfadh go mbeadh cúinsí eile ann ina measann an tOifigeach Probháide go bhfuil gá le haturnae chun cabhrú leat an t-iarratas a dhéanamh.