Conas Ullmhú d'Éisteacht Chúirte

Is cás ar leith é gach cás Dlí Teaghlaigh. Mar sin féin, tá rudaí áirithe nach mór do gach duine smaoineamh go cúramach orthu roimh éisteacht chúirte. Mar shampla, b'fhéidir gur mhaith leat aturnae a fhostú. B'fhéidir go bhfuil riachtanais inrochtaineachta agat ar chóir d'fhoireann na cúirte a bheith ar an eolas fúthu. B'fhéidir go dteastaíonn cabhair ó ateangaire uait.

Moltar duit i gcónaí ullmhú go maith le haghaidh d'éisteacht chúirte.

Cabhróidh sé sin le do chás a chur tríd an gcóras cúirte gan stró, a oiread agus is féidir.

Roinnt téarmaí dlíthiúla ar cheart cuimhneamh orthu

Tosaímis le roinnt téarmaí dlíthiúla a d'fhéadfadh teacht aníos agus tú ag dul tríd an treoir seo.

  • Is é an t-iarratasóir an duine a thugann an cás chun na cúirte nó a chuireann tús le himeachtaí dlí.
  • Is é an freagróir an duine a thugann freagra ar imeachtaí dlí.
  • Is éard atá i gceist le dáta cúirte ná an t-am, an lá, an mhí agus an bhliain ar a n-éistfear do chás sa chúirt.
  • Ciallaíonn éisteacht chúirte scrúdú foirmiúil an cháis ag breitheamh sa chúirt.
  • Má chloistear 'i gcúirt iata', chiallaíonn sé sin go ndéantar é a scannánú, go ndéantar físeán de nó go ndéantar é a thaifeadadh. Ciallaíonn sé i ndáiríre go n-éistear an cás go príobháideach. Ní cheadaítear ach don iarratasóir agus don fhreagróir, dá n-ionadaithe dlíthiúla, don bhreitheamh, d'oifigigh chúirte, d'fhinnéithe nó d'aon duine a cheadaíonn an breitheamh a bheith i láthair. Níl cead ag na páirtithe aon sonraí a roinnt ná an cás a phlé le haon duine eile, seachas a n-ionadaithe dlíthiúla, ach amháin má cheadaíonn an Breitheamh é. Is chun príobháideacht gach duine a chosaint a dhéantar é sin.

Aturnae a fhostú

Réitítear roinnt saincheisteanna Dlí Teaghlaigh gan ionadaíocht dhlíthiúil. Mar sin féin, molaimid go bhfaigheann daoine comhairle dlí. Is féidir le haturnae cabhrú leat trí nósanna imeachta cúirte a mhíniú agus trí roghanna dlí a thairiscint. Is féidir leis/léi freastal ar an éisteacht chúirte leat freisin.

Is féidir leat liosta de shonraí teagmhála aturnaetha a fháil ar shuíomh gréasáin an Dlí-Chumainn.

Má cheapann tú nach féidir leat íoc as comhairle dlí, déan teagmháil leis an mBord um Chúnamh Dlíthiúil chun a fháil amach an bhfuil tú incháilithe do chúnamh dlíthiúil. Má tá, iarrfar ort síntiús a íoc i leith costais dlí.

Seirbhís eile is ea Ionaid Comhairle Dlí Saor in Aisce (FLAC). Tá oifigí acu ar fud na tíre agus cuireann siad comhairle dlí saor in aisce agus faoi rún ar fáil do chách. Ní dhéanann siad ionadaíocht do dhaoine sa chúirt, áfach.

Leideanna Cabhracha:

  • Níl aon chostais shocraithe ann d'aturnaetha príobháideacha. Mar sin, ba cheart duit a iarraidh i gcónaí ar dtús maidir le costais aturnaetha ar leith sula bhfostaíonn tú é/í.
  • Is féidir leat d'intinn a athrú ag am ar bith faoi ionadaíocht a dhéanamh duit féin sa chúirt. Is féidir leat labhairt le haturnae ansin.

Ceanglais inrochtaineachta

Bí ar an eolas faoi na háiseanna atá ar fáil duit ag teach na cúirte ar lá éisteachta do cháis. D'fhéadfadh riachtanais shonracha a bheith agat amhail rampa cathaoireacha rothaí, leithreas inrochtana nó teicneolaíocht éisteachta chúnta. Níl siad sin ag gach teach cúirte. Cuir aon riachtanais ar leith a bhaineann leis an teach cúirte in iúl roimh ré chun cabhrú linn do chuairt a dhéanamh chomh compordach agus is féidir.

Ateangairí

Murab iad Béarla nó Gaeilge do chéad teangacha, is féidir leat d'ateangaire féin a fhostú. Féadfaidh tú a iarraidh ar an gcúirt ceann a chur ar fáil duit freisin. Déanfaidh breitheamh cinneadh ar an gceist seo.

Ceisteanna Coitianta

Cad iad na doiciméid is gá dom a chur isteach roimh éisteacht chúirte?

Beidh sé seo éagsúil ag brath ar do chás uathúil. Ba cheart duit comhairle a lorg ina leith sin ó d'aturnae nó ó d'ionadaí dlíthiúil. De rogha air sin, beidh foireann na Seirbhíse Cúirteanna sásta comhairle a thabhairt.

Cad a tharlaíonn má tá faitíos orm faoi mo shábháilteacht agus mé sa chúirt?

Má tá faitíos ort faoi do shábháilteacht sa chúirt, déan teagmháil le ball den tSeirbhís Chúirteanna sula bhfreastalaíonn tú ar theach na cúirte. B'fhéidir go mbeidh tú in ann fanacht in ionad ar leith nó d'fhéadfaí scáileán cosanta a chur ar fáil ionas nach bhfeicfidh daoine eile a bhfuil baint acu le do chás thú.

Cad iad na tacaíochtaí eile atá ar fáil dom?

Féach ar ár rannán tacaíochtaí chun tuilleadh eolais a fháil ar sheirbhísí tacaíochta a d'fhéadfadh cabhrú leat.