Ordú a Athrú nó Achomharc a dhéanamh air

Athbhreithniú a dhéanamh ar íocaíochtaí cothabhála

D'fhéadfadh do chúinsí pearsanta athrú le himeacht ama. D'fhéadfadh éifeachtaí dearfacha nó diúltacha a bheith ag na hathruithe sin ar do chumas cothabháil a íoc. Mar shampla, d'fhéadfá post a chailleadh nó ardú céime a fháil chuig post ar phá níos fearr. D'fhéadfá cinneadh a dhéanamh athphósadh. I gcásanna áirithe, d'fhéadfadh do chéile nó do pháirtí bás a fháil.

D'fhéadfadh tionchar a bheith ag na hathruithe sin agus athruithe eile ar chúinsí ar théarmaí d'ordaithe cothabhála.

Ciallaíonn sé sin gur féidir leat a eagrú go ndéanfadh breitheamh athbhreithniú ar na híocaíochtaí cothabhála atá á n-íoc nó á bhfáil agat ag am ar bith.

Is féidir íocaíochtaí a athrú

Chun íocaíocht a athrú, ciallaíonn sé sin an méid a athrú nó a laghdú.

D'fhéadfadh sé sin tarlú má athraíonn do chúinsí airgeadais tar éis ordú cothabhála a eisiúint. D'fhéadfadh sé tarlú freisin má chuireann tú fianaise airgeadais ar fáil nach raibh ar fáil nuair a rinneadh an t-ordú.

Is féidir leat a iarraidh ar bhreitheamh an méid cothabhála a íocadh nó a fuarthas a athrú. Má chinneann an breitheamh an méid a athrú, deonófar Ordú Athrúcháin.

Conas iarratas a dhéanamh chun ordú Cúirte Dúiche a athrú >

Más mian leat ordú Cúirte Cuarda a athrú, déanann tú iarratas chuig an gCúirt Chuarda le doiciméid um Fhógra Foriarratais agus um Mhionnscríbhinn Forais.

Is féidir íocaíochtaí a urscaoileadh

Sa chás go bhfuil athrú tagtha ar chúinsí, is féidir leat iarratas a dhéanamh chun ordú cothabhála a urscaoileadh chun deireadh a chur le d'oibleagáid cothabháil a íoc.

I gcásanna áirithe, tiocfaidh deireadh go huathoibríoch le d'oibleagáid an íocaíocht a dhéanamh. Mar shampla:

  • sa chás go bhfuil cothabháil leanaí á híoc agat agus sroicheann leanbh cleithiúnach 18 mbliana d'aois
  • sa chás go bhfuil cothabháil leanaí á híoc agat agus sroicheann an leanbh cleithiúnach atá fós in oideachas lánaimseartha 23 bliana d'aois

Conas iarratas a dhéanamh chun ordú Cúirte Dúiche a urscaoileadh >

Achomharc a dhéanamh ar chinneadh breithimh

Féadfaidh tú achomharc a dhéanamh ar chinneadh breithimh faoi ordú cothabhála. Is féidir leat é sin a dhéanamh trí achomharc a dhéanamh chuig cúirt níos airde ná an ceann ina ndearnadh an t-ordú. Mar shampla:

  • Má rinneadh an t-ordú sa Chúirt Dúiche, déanann tú achomharc chuig an gCúirt Chuarda. Ní mór duit achomharc a dhéanamh laistigh de cheithre lá dhéag ó rinneadh an t-ordú cúirte.

Conas achomharc a dhéanamh ar ordú ón gCúirt Dúiche >

  • Má rinneadh an t-ordú sa Chúirt Chuarda, déanann tú achomharc chuig an Ard-Chúirt. Ní mór duit achomharc a dhéanamh laistigh de dheich lá ó rinneadh an t-ordú cúirte.

Conas achomharc a dhéanamh ar ordú ón gCúirt Chuarda >

B'fhéidir gur mhaith leat comhairle dlí a lorg maidir le d'achomharc.