Conas Iarratas a Dhéanamh ar Ordú Cothabhála

Déantar formhór na n-iarratas ar chothabháil sa Chúirt Dúiche. Sa Chúirt Dúiche:

  • Ní féidir le breitheamh a ordú ach go n-íocfaí uasmhéid de €500 sa tseachtain le céile agus suas le huasmhéid de €150 sa tseachtain in aghaidh an linbh.
  • Is é an chnapshuim is airde is féidir a ordú ná €15,000.

Chun iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Dúiche tá roinnt céimeanna le glacadh. Baineann an t-eolas a chuirtear ar fáil anseo le hiarratais ar orduithe cothabhála nua chomh maith le hordú atá ann cheana a athrú a urscaoileadh, nó iarratas a dhéanamh ar Ordú Astaithe Tuillimh.

Ní ghearrann an tSeirbhís Chúirteanna táille as iarratais Dlí Teaghlaigh a dhéanamh. Ba cheart duit táillí a phlé le d'ionadaí dlíthiúil, nó le d'eadránaí má roghnaíonn tú a c(h)uid seirbhísí a úsáid.

Níl san eolas go léir ach treoir. Seiceáil reachtaíocht agus rialacha cúirte i gcónaí lena chinntiú go bhfuil d'iarratas ceart. B'fhéidir gur mhaith leat comhairle dlí a fháil chun tuiscint níos fearr a fháil ar a bhfuil i gceist.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig oifig na Cúirte Dúiche sa cheantar ina gcónaíonn nó ina n-oibríonn tú féin nó an freagróir. Má tá cónaí ar cheachtar agaibh nó má oibríonn ceachtar agaibh i mBaile Átha Cliath, d'fhéadfadh gurb í Oifig Dlí Teaghlaigh Chúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath d'oifig áitiúil, ar a dtugtar Teach an Charnáin freisin. Is eisceacht air sin é má tá cónaí ort nó má oibríonn tú i gceantar atá clúdaithe ag Oifig Cúirte Dúiche Shoird agus Bhaile Brigín. Sa chás sin, d'fhéadfadh gurb í Oifig Cúirte Dúiche Shoird agus Bhaile Brigín d'oifig áitiúil.

Ní hionann an próiseas iarratais dóibh siúd atá ag déanamh iarratais i dTeach an Charnáin agus an próiseas don chuid eile den tír. Roghnaigh "Conas Iarratas a Dhéanamh (Teach an Charnáin)" don phróiseas sonrach maidir le Teach an Charnáin.

Aimsigh do cheantar Cúirte Dúiche áitiúil >

Aimsigh Oifig na Seirbhíse Cúirteanna is áitiúla duit anseo >

 

Smaoinigh ar eadráin agus ar chomhairle dlí

Féadfaidh tú féin agus an freagróir aontú ar an méid cothabhála atá le híoc. Déanfaidh breitheamh aon chomhaontú a bhreithniú mar chuid d'iarratas cúirte. Sula ndéanann tú iarratas chun na cúirte ar chothabháil, ba cheart duit smaoineamh ar eadráin agus cinneadh a dhéanamh maidir le comhairle ghairmiúil dlí a fháil nó ionadaíocht a dhéanamh duit féin.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin >

Déan cinneadh maidir le suíomh na cúirte

Is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig oifig na Cúirte Dúiche sa cheantar ina gcónaíonn nó ina n-oibríonn tú féin nó an freagróir. Má tá iarratas á dhéanamh agat chun ordú a rinneadh sa Chúirt Dúiche a athrú nó a urscaoileadh, nó ar ordú astaithe tuillimh, ba chóir duit iarratas a dhéanamh san áit a rinneadh an t-ordú bunaidh.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin >

Comhlánaigh an toghairm agus cuir isteach í

Chun iarratas a dhéanamh ar ordú cothabhála, beidh ort an páipéarachas riachtanach don iarratas a chomhlánú agus é seo a chur faoi bhráid oifig na cúirte.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin >

Seirbheáil an toghairm agus soláthair cruthúnas ar sheirbheáil

Ní mór duit an toghairm a sheoladh chuig an bhfreagróir. Tugtar seirbheáil ar an bpróiseas sin. Beidh ort cruthúnas ar sheirbheáil a chur ar fáil don chúirt freisin. Déantar é sin trí dhearbhú reachtúil i dtaobh seirbheála a chomhlánú.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin >

Cuir doiciméid ar ais chuig oifig na cúirte

Ní mór duit an toghairm bhunaidh agus an dearbhú reachtúil i dtaobh seirbheála a chomhdú in oifig na cúirte. Má tá na doiciméid in ord, liostófar an toghairm don chúirt agus deimhneofar an éisteacht chúirte.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin >

 

Freastail ar éisteacht chúirte

Ba chóir duit féin agus don fhreagróir freastal ar an gcúirt chun go n-éistfidh breitheamh an cás. Éistfidh an breitheamh fianaise ón mbeirt agaibh agus déanfaidh sé/sí cinneadh. Tugtar ordú cúirte ar chinneadh an bhreithimh.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin >

Faigh ordú cúirte

Tar éis na héisteachta cúirte, gheobhaidh tú féin (ar a dtugtar an creidiúnaí cothabhála freisin) agus an freagróir (ar a dtugtar an féichiúnaí cothabhála freisin) cóip den ordú cúirte a luaithe a bheidh sé réidh.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin >

Smaoinigh ar eadráin agus ar chomhairle dlí

Féadfaidh tú féin agus an freagróir aontú ar an méid cothabhála atá le híoc. Déanfaidh breitheamh aon chomhaontú a bhreithniú mar chuid d'iarratas cúirte. Sula ndéanann tú iarratas chun na cúirte ar chothabháil, ba cheart duit smaoineamh ar eadráin agus cinneadh a dhéanamh maidir le comhairle ghairmiúil dlí a fháil nó ionadaíocht a dhéanamh duit féin.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin >

Cuir coinne in áirithe i dTeach an Charnáin

Má tá cónaí ar cheachtar agaibh nó má oibríonn ceachtar agaibh i mBaile Átha Cliath, d'fhéadfadh gurb í d'oifig áitiúil Oifig Dlí Teaghlaigh Chúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath, ar a dtugtar Teach an Charnáin freisin. Beidh ort coinne a chur in áirithe ar líne ar dtús sula bhfreastalaíonn tú ar oifig na cúirte.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin >

Freastail ar choinne i dTeach an Charnáin

Ag an gcoinne, rachaidh ball foirne in oifig na cúirte tríd an bpróiseas leat chun d'iarratas cothabhála a chomhlánú agus a chur isteach. Tá roinnt doiciméad ann freisin nach mór duit a chomhlánú roimh ré agus a thabhairt leat.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin >

Freastail ar éisteacht chúirte

Ba chóir duit féin agus don fhreagróir freastal ar an gcúirt chun go n-éistfidh breitheamh an cás. Éistfidh an breitheamh fianaise ón mbeirt agaibh agus déanfaidh sé/sí cinneadh. Tugtar ordú cúirte ar chinneadh an bhreithimh.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin >

Faigh ordú cúirte

Tar éis na héisteachta cúirte, gheobhaidh tú féin (ar a dtugtar an creidiúnaí cothabhála freisin) agus an freagróir (ar a dtugtar an féichiúnaí cothabhála freisin) cóip den ordú cúirte a luaithe a bheidh sé réidh.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin >