Conas Iarratas a Dhéanamh

Céim 6
Freastail ar éisteacht chúirte

Is ordú don fhreagróir freastal ar an gcúirt ar an dáta atá luaite sa toghairm í an toghairm chothabhála. Is le haghaidh éisteacht chúirte a thionólfar go príobháideach a bheidh sé sin. Ní mór duit freastal ar an gcúirt freisin ar an dáta atá luaite sa toghairm.

Nuair a éistfear an cás, beidh ortsa agus an freagróir araon bhur gcásanna a chur faoi bhráid an bhreithimh.

Ba chóir duit féin agus don fhreagróir araon eolas faoi bhur gcúinsí airgeadais a thabhairt libh chuig an éisteacht chúirte. Mar shampla, b'fhéidir gur mhaith leis an mbreitheamh eolas a fháil faoi na nithe seo a leanas maidir leatsa agus leis an bhfreagróir:

  • Ioncam amhail ioncam ó fhostaíocht, sochair leasa shóisialaigh, nó foinsí eile.
  • Sócmhainní amhail eolas agus luachálacha ar thalamh, ar mhaoin, ar fheithiclí, nó ar shócmhainní eile.
  • Caiteachas amhail billí tí, aisíocaíochtaí iasachta, na costais a bhaineann le leanaí a thógáil, nó costais eile atá agat.
  • Tacaíochtaí do dhaoine eile amhail íocaíochtaí cothabhála do leanaí cleithiúnacha eile.

Gheobhaidh tú féin agus an freagróir an deis fianaise a thabhairt don chúirt agus aon cheisteanna a chur ar an bpáirtí eile faoina f(h)ianaise. Féadfaidh an breitheamh ceisteanna breise a chur freisin. Tar éis dó/di an fhianaise ar fad a éisteacht, déanfaidh an breitheamh cinneadh ansin maidir leis an iarratas. Tugtar ordú cúirte air sin. I gcásanna cothabhála tugtar ordú cothabhála air.

Mura bhfreastalaíonn tú ar an gcúirt, féadfaidh an breitheamh an cás a scriosadh amach. Ciallaíonn sé sin nach rachaidh an cás ar aghaidh agus beidh ort tús a chur leis an bpróiseas iomlán arís.

Mura bhfreastalaíonn an freagróir ar an gcúirt, féadfaidh tú a iarraidh ar an mbreitheamh barántas a eisiúint chun an freagróir a ghabháil agus a thabhairt os comhair na cúirte. Má dhéanann an breitheamh an t-ordú sin, seolfaidh oifig na cúirte barántas chuig na Gardaí. Nuair a thugann na Gardaí an freagróir os comhair na cúirte, socróidh an breitheamh dáta nua chun déileáil leis an gcás. Cuirfidh oifig na cúirte an dáta nua sin in iúl duit.

Tuilleadh eolais maidir le hullmhú don Chúirt Dlí Teaghlaigh >

I gcásanna áirithe ina bhfuil leanaí i gceist, b'fhéidir gur mhaith le breitheamh eolas a fháil faoina leas, faoina sábháilteacht, faoina sláinte agus faoina gcúram. Má tá leanbh ag aois oiriúnach agus aibí go leor, b'fhéidir gur mhaith leis/léi a dtuairimí a chur san áireamh. Chun an t-eolas sin a fháil, d'fhéadfadh an breitheamh cinneadh a dhéanamh go dteastaíonn tuarascáil ó shaineolaí uaidh/uaithi.

Tuilleadh eolais maidir le tuarascálacha faoi leanaí >