Conas Iarratas a Dhéanamh

Céim 3
Comhlánaigh an toghairm agus cuir isteach í

Chun iarratas a dhéanamh ar ordú cothabhála, ní mór duit foirm ar a dtugtar toghairm a chomhlánú agus a iarraidh ar an tSeirbhís Chúirteanna í a shíniú. Roghnaigh an fhoirm toghairme cothabhála thíos atá oiriúnach do do chás. Mura bhfuil tú cinnte cén toghairm is ceart a roghnú, is féidir le foireann na Seirbhíse Cúirteanna tú a chur ar an eolas faoi na roghanna éagsúla atá ar fáil.

Seo a leanas na chéad chéimeanna eile atá agat:

  • Líon isteach an fhoirm toghairme choibhneasta thíos. Déan cinnte go bhfuil an t-eolas ar fad comhlánaithe ach ná sínigh nó ná cuir isteach dáta agus am cúirte ar an toghairm. Déanfaidh foireann na Seirbhíse Cúirteanna é sin.
  • Iarr ar fhoireann na Seirbhíse Cúirteanna an toghairm a shíniú agus dáta éisteachta a shannadh do do chás. Is féidir leat é sin a dhéanamh tríd an bpost nó trí fhreastal ar oifig na cúirte.
  • Má líontar an toghairm i gceart, síneoidh ball foirne í agus sannfaidh sé/sí dáta éisteachta sealadach. Seolfaidh sé/sí an toghairm ar ais chugat ansin. Chun dáta éisteachta do cháis a dheimhniú, ní mór duit céimeanna 4 agus 5 den treoir céim ar chéim seo a chomhlánú.

Roinnt téarmaí dlíthiúla le cuimhneamh orthu agus toghairm chothabhála á líonadh amach agat:

  • Tugtar an t-iarratasóir ar an duine a dhéanann an t-iarratas cothabhála tosaigh. Tugtar an freagróir ar an duine a n-iarrtar air/uirthi cothabháil a íoc.
  • Nuair a bhíonn ordú cothabhála déanta, tugtar an féichiúnaí cothabhála ar an duine a íocann an chothabháil. Tugtar an creidiúnaí cothabhála ar an duine a fhaigheann na híocaíochtaí.

Toghairmeacha Cothabhála

Foirm 54.3 – Neamhphósta

Bain úsáid as an toghairm sin má tá iarratas á dhéanamh agat ar chothabháil agus mura bhfuil tú pósta leis an bhfreagróir.

Foirm 54.1 – Pósta

Bain úsáid as an toghairm sin má tá iarratas á dhéanamh agat ar chothabháil agus má tá tú pósta leis an bhfreagróir.

Foirm 54.2 – Pósta ach ina gcónaí ar leithligh, etc.

Bain úsáid as an toghairm sin má tá iarratas á dhéanamh agat ar chothabháil sa chás go bhfuil céile amháin marbh, go bhfuil céile tar éis an céile eile a thréigean nó go bhfuil sé/sí ina c(h)ónaí ar leithligh ón gcéile eile, agus nach bhfuil ceachtar céile ag tabhairt cothabhála don leanbh/do na leanaí.

Foirm 54.4 – Neamhphósta tugtha ag an duine eile

Bain úsáid as an toghairm sin má dhéanann tú iarratas ar chothabháil agus mura bhfuil tú pósta leis an bhfreagróir ach más duine thú a bhfuil stádas dlíthiúil agat i ndáil le leanbh cleithiúnach/leanaí cleithiúnacha.

Foirm 54.14 – Íocaíocht chnapshuime

Bain úsáid as an toghairm sin má tá iarratas á dhéanamh agat ar íocaíocht chnapshuime a bhaineann le costais bhreithe nó costais shochraide linbh.

Foirm 54.30 – Comhchónaitheoir

Bain úsáid as an toghairm sin má tá iarratas á dhéanamh agat ar chothabháil do leanbh cleithiúnach ó chomhchónaitheoir ar caomhnóir an linbh é/í ach nach tuismitheoir é/í.

Foirm 54.32 – Comhchónaitheoir

Bain úsáid as an toghairm sin má tá iarratas á dhéanamh agat ar chothabháil ó chomhchónaitheoir i ndáil le leanbh duine eile ar caomhnóir den leanbh sin é/í an comhchónaitheoir.

Toghairmeacha chun Ordú Cothabhála a Athrú nó a Urscaoileadh

Foirm 54.11 – Ordú cothabhála a urscaoileadh nó a athrú - Alt 6 (1) (b)

Bain úsáid as an toghairm sin má tá iarratas á dhéanamh agat chun ordú cothabhála a eisíodh sa Chúirt Dúiche a urscaoileadh nó a athrú.

Foirm 54.9 – Toghairm chun Ordú Cothabhála nó Cuid de a Urscaoileadh

Bain úsáid as an toghairm sin chun iarratas a dhéanamh chun ordú cothabhála a urscaoileadh faoi Alt 6 (1) (a) den Acht, nó chun cuid d'ordú cothabhála a urscaoileadh.

Foirm 56.8 – Toghairm chun Ordú Astaithe Tuillimh a Athrú nó a Urscaoileadh

Bain úsáid as an toghairm sin má tá iarratas á dhéanamh agat chun ordú astaithe tuillimh a athrú nó a urscaoileadh.

Ordú Astaithe Tuillimh

Foirm 56.1 – Toghairm ar Ordú Astaithe Tuillimh (Ordú Cothabhála déanta sa Chúirt Dúiche)

Bain úsáid as an toghairm sin chun iarratas a dhéanamh chun íocaíochtaí cothabhála a d'ordaigh an Chúirt Dúiche a asbhaint go díreach ó phá na bhféichiúnaithe cothabhála.

Foirm 56.2 – Toghairm ar Ordú Astaithe Tuillimh (Ordú Forghníomhaithe déanta san Ard-Chúirt)

Bain úsáid as an toghairm sin chun íocaíochtaí cothabhála a asbhaint, le hordú forghníomhaithe ón Ard-Chúirt, go díreach ó phá na bhféichiúnaithe cothabhála.

Foirm 56.8 – Toghairm chun Ordú Astaithe Tuillimh a Athrú nó a Urscaoileadh

Bain úsáid as an toghairm sin má tá iarratas á dhéanamh agat chun ordú astaithe tuillimh a athrú nó a urscaoileadh.