Conas Iarratas a Dhéanamh

Céim 7

Faigh ordú cúirte

Tar éis na héisteachta cúirte, tabharfaidh oifig na cúirte an t-ordú cúirte chun críche. Cuirfidh oifig na cúirte cóip den ordú sa phost chugat féin agus chuig an bhfreagróir - nó chuig bhur n-aturnaetha - a luaithe a bheidh sé réidh. Má dhéantar Ordú Astaithe Tuillimh, seolfar cóip chuig fostóir an fhreagróra freisin.

Mura bhfaigheann tú an t-ordú cúirte laistigh de cheithre seachtaine, déan teagmháil le hoifig na cúirte.

Tá sé de cheart agat achomharc a dhéanamh mura bhfuil tú sásta le cinneadh an bhreithimh. Más mian leat achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh, ní mór duit do dhoiciméid achomhairc a chomhdú laistigh de cheithre lá dhéag ón éisteacht chúirte.

Tuilleadh eolais maidir le hachomharc a dhéanamh ar Ordú Cúirte Dúiche>