Conas Iarratas a Dhéanamh

Céim 2
Déan cinneadh maidir le suíomh na cúirte

Is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig oifig na Cúirte Dúiche sa cheantar ina gcónaíonn nó ina n-oibríonn tú féin nó an freagróir.

Aimsigh do cheantar Cúirte Dúiche áitiúil >

Aimsigh Oifig na Seirbhíse Cúirteanna is áitiúla duit anseo >

Má tá iarratas á dhéanamh agat chun ordú cothabhála a rinneadh sa Chúirt Dúiche a athrú nó a urscaoileadh, ba cheart duit iarratas a dhéanamh chuig an oifig chúirte ina ndearnadh an t-ordú cothabhála bunaidh.

Má tá iarratas á dhéanamh agat ar Ordú Astaithe Tuillimh, ba cheart duit freisin iarratas a dhéanamh chuig an oifig chúirte ina ndearnadh an t-ordú cothabhála bunaidh.

Mura bhfuil tú cinnte faoin áit ar cheart duit d'iarratas a dhéanamh, déan teagmháil le hOifig na Seirbhíse Cúirteanna is áitiúla duit chun eolas a fháil.