Conas Iarratas a Dhéanamh

Céim 5
Cuir doiciméid ar ais chuig oifig na cúirte

Ní mór duit an toghairm bhunaidh agus an Dearbhú Reachtúil i dTaobh Seirbheála a chur ar ais chuig oifig na cúirte. Ba chóir duit é sin a dhéanamh chomh luath agus is féidir ach ar a laghad dhá lá roimh dháta na héisteachta cúirte. Má tá na doiciméid in ord, liostófar an toghairm don chúirt agus deimhneofar an éisteacht chúirte.

Mura ndéantar na doiciméid a chomhlánú i gceart agus a chur ar ais in am, ní rachfar ar aghaidh leis an éisteacht chúirte.