Conas Iarratas a Dhéanamh

Céim 4
Seirbheáil na doiciméid agus cuir cruthúnas ar sheirbheáil ar fáil

Ba chóir duit dhá chóip ar a laghad de na doiciméid a dhéanamh, agus cóip a choinneáil do do thaifid féin. Ní mór cóip amháin a sheoladh chuig an bhfreagróir/na freagróirí. De rogha air sin, is féidir le d'ionadaí dlíthiúil é sin a sheoladh. Tugtar seirbheáil air sin. Is féidir na doiciméid a sheirbheáil leis an bpost cláraithe nó i bpearsa.

Mura féidir an t-iarratas a sheirbheáil tríd an bpost cláraithe nó trí sheirbheáil phearsanta, is féidir leat iarratas a dhéanamh chun na cúirte ar chead chun an t-iarratas a sheirbheáil ar bhealach eile. Tugtar iarratas ar sheirbheáil ionadach air sin. Déanfaidh breitheamh cinneadh maidir lena bhfuil cineál eile seirbheála inghlactha, mar shampla tríd an ngnáthphost, trí ríomhphost nó trí mheán leictreonach eile.

Ní mór duit cruthúnas a chur ar fáil don chúirt gur seirbheáladh an t-iarratas ar an bhfreagróir/na freagróirí. Tugtar cruthúnas ar sheirbheáil air sin.

Chun cruthúnas ar sheirbheáil a sholáthar, ní mór duit foirm ar a dtugtar Dearbhú Reachtúil i dTaobh Seirbheála a chomhlánú. Is dearbhú é seo lena bhfíoraítear gur seirbheáladh na doiciméid ar an bhfreagróir/na freagróirí. Ní mór an fhoirm seo a shíniú i láthair aturnae (ach ní d'aturnae féin), i láthair Coimisinéir Mionnaí nó i láthair Feidhmeannach Síochána.

Tá tuilleadh eolais maidir le seirbheáil agus maidir le hiarratas agus cruthúnas ar sheirbheáil >