Conas Iarratas a Dhéanamh

Céim 2
Deimhnigh an t-ordú cúirte is mian leat iarratas a dhéanamh air

Cuir in iúl d'fhoireann na hoifige cúirte cén ordú cúirte ar mian leat iarratas a dhéanamh air. Mura bhfuil tú cinnte, cuirfidh siad in iúl duit na roghanna éagsúla atá ann chun cabhrú leat cinneadh a dhéanamh.

Iarrfaidh foireann na hoifige cúirte eolas ar leith ort. Leis an eolas sin, deimhneofar má tá tú incháilithe don ordú um fhoréigean baile ar mian leat iarratas a dhéanamh air. Tabharfaidh sé deis freisin d'fhoireann na hoifige cúirte cabhrú leat an páipéarachas a chomhlánú. Is féidir leat an méid seo a leanas a dhearbhú ó bhéal:

  • An caidreamh idir tú féin agus an freagróir.
  • Do stádas úinéireachta réadmhaoine, e.g. úinéir, comhúinéir, ainm ar léas.
  • D'ainm agus do sheoladh agus ainm agus seoladh an fhreagróra.
  • Aon imeachtaí cúirte dlí teaghlaigh eile idir tú féin agus an freagróir.

Tuilleadh eolais ar orduithe cúirte agus incháilitheacht >

Mura bhfuil tú incháilithe agus má theastaíonn cabhair phráinneach uait, déan teagmháil leis na Gardaí láithreach. B'fhéidir gur mhaith leat comhairle dlí a fháil chun do chuid roghanna a thuiscint i gceart.

Nóta: ní féidir leis an mbreitheamh ach an t-ordú cúirte a ndéantar iarratas air a dheonú. Mar shampla, má dhéanann breitheamh cinneadh nach dteastaíonn Ordú Urchoisc ó do chás, ní féidir leis/léi Ordú Sábháilteachta a dheonú duit ina ionad sin, ach amháin má rinne tú iarratas ar cheann.