Conas Iarratas a Dhéanamh

Céim 3
Íoslódáil agus comhlánaigh an páipéarachas

Sula roghnaíonn tú an fhoirm iarratais/na foirmeacha iarratais, ba cheart duit ár n-eolas maidir le hincháilitheacht a léamh go cúramach.

Tuilleadh eolais maidir le hincháilitheacht Caomhnóireachta >

Tuilleadh eolais maidir le hincháilitheacht Coimeádta>

Tuilleadh eolais maidir le hincháilitheacht Rochtana>

Íoslódáil an fhoirm/na foirmeacha iarratais ábhartha le haghaidh do shaincheist Dlí Teaghlaigh ar leith. Tá na foirmeacha liostaithe thíos. Mura féidir leat foirm a íoslódáil, is féidir leat í a iarraidh ó d'oifig Chúirte áitiúil.

Comhlánaigh na foirmeacha iarratais cuí. Déan cinnte go bhfuil an t-eolas ar fad comhlánaithe ach ná cuir isteach dáta agus am cúirte ar an bhfoirm iarratais. Ní mór duit féin nó do d'ionadaí dlíthiúil teagmháil a dhéanamh le hoifig na Seirbhíse Cúirteanna nó cuairt a thabhairt uirthi. Is féidir é sin a dhéanamh ar an bhfón, tríd an bpost nó trí fhreastal ar oifig na cúirte. Déanfaidh an tSeirbhís Chúirteanna dáta éisteachta a shannadh do do chás.

Ag brath ar an gcineál iarratais atá á dhéanamh agat, b'fhéidir go mbeidh ort foirm um Ráiteas Socruithe a chomhlánú. Léigh na treoracha ar an bhfoirm go cúramach agus líon isteach na rannáin ábhartha. Ní mór duit dhá chóip de d'fhoirm chomhlánaithe um Ráiteas Socruithe a chur le d'fhoirm iarratais. Ní mór an fhoirm um Ráiteas Socruithe a sheirbheáil ansin ar an bhfreagróir/na freagróirí mar aon leis an bhfoirm iarratais.

Foirmeacha Iarratais ar Chaomhnóireacht

Cás Foirmeacha Seirbheáil ar
Iarratas mar thuismitheoir ach ní mar chaomhnóir. 58.1 & 58.49 Tuismitheoir eile agus aon chaomhnóir eile
Iarratas mar dhuine fásta atá pósta le nó atá i bpáirtnéireacht shibhialta le tuismitheoir linbh, nó mar chomhchónaitheoir thuismitheoir an linbh. 58.30 & 58.49 Gach tuismitheoir agus aon chaomhnóir eile
Iarratas mar dhuine fásta a chuir cúram laethúil an linbh ar fáil. 58.30 & 58.49 Gach tuismitheoir agus aon chaomhnóir eile agus GLT*
Iarratas ar dhearbhú maidir le cibé an caomhnóir nó nach caomhnóir duine. 58.37 & 58.49 Gach Caomhnóir
Iarratas chun caomhnóir a bhaint agus duine eile a cheapadh (más infheidhme). 58.11 & 58.49 Gach Caomhnóir
Iarratas chun caomhnóir a cheapadh in ionad caomhnóir a fuair bás. 58.12 & 58.49 Gach caomhnóir nó ex-parte
Iarratas chun caomhnóir a cheapadh i gcás nach bhfuil aon chaomhnóir ann. 58.7 & 58.49 Ex-Parte
Iarratas ar chaomhnóireacht ag tuismitheoir marthanach. 58.9 & 58.49 Ex-Parte/tuismitheoir eile
Iarratas ar chaomhnóireacht shealadach i gcás go mbíonn an caomhnóir cáilitheach éagumasach. 58.32 & 58.33 & 58.49 Caomhnóir, ainmní, tuismitheoir linbh, GLT*
Iarratas chun caomhnóir sealadach a bhaint. 58.35 & 58.49 Caomhnóir, tuismitheoir (mura caomhnóir é/í), GLT*
Iarratas chun caomhnóir a bhaint. 58.39 & 58.49 Gach caomhnóir
Iarratas ó chaomhnóir marthanach/caomhnóir tiomnachta – Alt 7(4). 58.3 & 58.49 Caomhnóir marthanach agus aon chaomhnóir tiomnachta


Is í GLT an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach (Tusla)


Coimeád agus Rochtain

Cás Foirmeacha Seirbheáil ar
Iarratas mar thuismitheoir nó mar chaomhnóir ar choimeád agus/nó ar rochtain, nó ar threoracha maidir le hábhair eile a dhéanann difear do leas an linbh. 58.17** & 58.49 Gach tuismitheoir nó caomhnóir
Iarratas ar choimeád mar ghaol don leanbh. 58.41 & 58.49 Gach caomhnóir
Iarratas ar choimeád mar dhuine fásta atá pósta le nó i bpáirtnéireacht shibhialta le tuismitheoir an linbh, nó mar chomhchónaitheoir thuismitheoir an linbh. 58.41 & 58.49 Gach caomhnóir
Iarratas ar choimeád mar dhuine fásta a chuir cúram laethúil an linbh ar fáil. 58.41 & 58.49 Gach caomhnóir
Iarratas ar rochtain mar ghaol, nó mar dhuine a ghníomhaigh in áit tuismitheora. 8.19 & 58.49 Gach caomhnóir
Iarratas chun ordú atá i bhfeidhm faoi láthair a athrú nó a urscaoileadh. 58.21 Gach caomhnóir
Iarratas chun leanbh/leanaí a thabhairt ar aird don Chúirt. 58.23 Duine a bhfuil coimeád an linbh aige/aici
Iarratas ar ordú forghníomhaithe mar gheall ar shárú coimeádta rochtana. 58.43 Gach caomhnóir agus tuismitheoir
Iarratas chun deireadh a chur le hordú forghníomhaithe nó é a athrú. 58.45 Gach duine ar a ndearnadh an t-iarratas ar an ordú forghníomhaithe
Iarratas ar aisíocaíocht costas ón bpáirtí eile a mhainníonn coimeád/rochtain a fheidhmiú. 58.47 Caomhnóir Freagróra nó tuismitheoir

** Má tá cothabháil á hiarraidh agat mar chuid den iarratas seo, féadfaidh an breitheamh eolas a iarraidh sa chúirt faoi na nithe seo a leanas maidir leat:

  • Ioncam amhail ioncam ó fhostaíocht, sochair leasa shóisialaigh, nó foinsí eile.
  • Sócmhainní amhail eolas agus luachálacha ar thalamh, ar mhaoin, ar fheithiclí, nó ar shócmhainní eile.
  • Caiteachas amhail billí tí, aisíocaíochtaí iasachta, nó costais eile atá agat.
  • Tacaíochtaí do dhaoine eile amhail íocaíochtaí cothabhála do leanaí cleithiúnacha eile.

Foirmeacha le haghaidh saincheisteanna pas

Cás Foirmeacha Seirbheáil ar
Iarratas chun toiliú an chaomhnóra eile maidir le pas linbh a eisiúint a ligean thar ceal 58.17 & 58.49 Gach tuismitheoir nó caomhnóir/Ex-Parte***
Iarratas ar ordú rochtana ar phas linbh 58.17 & 58.49 Gach tuismitheoir nó caomhnóir

***Mura bhfuil a fhios agat cá bhfuil an tuismitheoir nó an caomhnóir eile, is féidir leat an t-iarratas seo a dhéanamh gan é/í a sheirbheáil. Tugtar iarratas 'ex-parte' air sin.

Má tá iarratas á dhéanamh agat chun toiliú an chaomhnóra eile maidir le pas linbh a eisiúint a ligean thar ceal, d'fhéadfadh sé go n-iarrfaí ort roinnt doiciméad tacaíochta a chur ar fáil don chúirt, amhail:

  • An pas a bhí ag an leanbh roimhe seo (más infheidhme)
  • Teastas breithe an linbh
  • Cruthúnas ar aon iarrachtaí chun an caomhnóir eile a aimsiú
  • Cruthúnas ar aon iarratais lena n-iarradh ar an gcaomhnóir eile an fhoirm iarratais a shíniú
  • Cruthúnas ar shonraí taistil má tá an pas ag teastáil go práinneach