An Próiseas Colscartha

Fógra Foriarratais

Is éard is Fógra Foriarratais ann ná iarratas i scríbhinn chun na cúirte. Úsáidtear é chun treoracha nó cinntí a bhaineann le cás a iarraidh ar Chláraitheoir Contae nó ar bhreitheamh. D'fhéadfadh ábhair mar seo a leanas a bheith san áireamh ann:

  • doiciméid a sheirbheáil
  • am breise a iarraidh chun freagra a thabhairt
  • éisteachtaí cúirte a eagrú
  • orduithe a iarraidh

Seo iad na céimeanna atá le leanúint:

1. Fógra Foriarratais a Chomhlánú

I d'fhógra, beidh ort an méid atá á iarraidh ar an gcúirt agat treoracha nó cinntí a dhéanamh ina leith a lua. Má tá aturnae agat, déanfaidh sé/sí é sin duit.

Athraíonn an próiseas chun Fógra Foriarratais le dáta cúirte a leithdháileadh de réir suímh. Déan teagmháil le d'oifig chúirte áitiúil chun eolas a fháil ar an bpróiseas atá i bhfeidhm sa chúirt sin sula seirbheálann tú ar an bpáirtí eile.

Cliceáil anseo le haghaidh sonraí teagmhála na n-oifigí cúirte go léir >

2. Mionnscríbhinn Forais

Leagtar amach i Mionnscríbhinn Forais na fíricí agus na doiciméid ábhartha atá le breithniú ag an gcúirt. Caithfidh tú a mhionnú gur fíor fíricí na mionnscríbhinne. Ní mór é sin a dhéanamh i bpearsa le haturnae (ach ní le d'aturnae féin) nó le Coimisinéir Mionnaí. Ní mór an mhionnscríbhinn sin a chomhlánú leis an bhFógra Foriarratais.

3. An Fógra Foriarratais a sheirbheáil agus a chomhdú in oifig na cúirte mar aon le doiciméid tacaíochta

Ní mór duit cóip den Fhógra Foriarratais agus den mhionnscríbhinn forais a sheirbheáil ar an bpáirtí eile. Ba chóir duit cóip de na doiciméid go léir a choinneáil do do thaifid féin. Tar éis duit iad a sheirbheáil, ní mór duit na doiciméid seo a leanas a chomhdú in oifig na cúirte:

  • Fógra Foriarratais bunaidh
  • mionnscríbhinn forais bhunaidh; agus
  • cruthúnas ar sheirbheáil ar an bpáirtí eile

Má tá na doiciméid in ord, liostófar an Fógra Foriarratais don chúirt.

Tuilleadh eolais maidir le doiciméid dhlíthiúla a sheirbheáil agus cruthúnas ar sheirbheáil >