An Próiseas Colscartha

Céim 7
Faigh ordú cúirte

Tar éis na héisteachta cúirte, tabharfaidh oifig na cúirte an t-ordú cúirte chun críche. Seolfaidh an oifig é chuig an iarratasóir agus chuig an bhfreagróir nó chuig a n-aturnaetha a luaithe a bheidh sé réidh.

D'fhéadfadh orduithe cúirte eile a bhaineann le hábhair amhail maoin nó pinsin leanúint ina dhiaidh sin.

Mura bhfaigheann tú an t-ordú cúirte laistigh de cheithre seachtaine, déan teagmháil le hoifig na cúirte. Uaireanta is gá doiciméid mar théarmaí comhaontaithe clóscríofa a thabhairt d'oifig na cúirte sular féidir an t-ordú cúirte a chomhlánú agus a sheoladh.

Tá sé de cheart agat achomharc a dhéanamh mura bhfuil tú sásta le cinneadh an bhreithimh. Más mian leat achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh, ní mór duit do dhoiciméid achomhairc a chomhdú laistigh de dheich lá ón éisteacht chúirte.

Tuilleadh eolais maidir le hachomharc a dhéanamh ar Ordú Cúirte Cuarda >