An Próiseas Colscartha

Céim 5
Faigh dáta don éisteacht chúirte

Ag an gcéim sin, is iad seo a leanas na cásanna is coitianta a d'fhéadfadh a bheith i gceist:

  • Malartaíodh doiciméid - comhaontaíonn an t-iarratasóir agus an freagróir.
  • Malartaíodh doiciméid - ní chomhaontaíonn an t-iarratasóir agus an freagróir.
  • Ní bhfuarthas aon fhreagra foirmiúil ón bhfreagróir.

Toilíonn (aontaíonn) an t-iarratasóir agus an freagróir

Má aontaíonn an dá pháirtí ar théarmaí an cholscartha, ba cheart dóibh comhaontú i scríbhinn a dhéanamh agus a shíniú. Is minic a thugtar doiciméad um Théarmaí Comhaontaithe air sin. Is féidir doiciméad um Théarmaí Toilithe nó doiciméad um Théarmaí Socraíochta a thabhairt air freisin. Déanfaidh breitheamh an comhaontú scríofa sin a bhreithniú agus aon orduithe cúirte á ndéanamh aige/aici.

Chun dul ar aghaidh leis an gcolscaradh, beidh ar cheachtar duine (ach an t-iarratasóir de ghnáth) Fógra Foriarratais a chomhdú le hoifig na cúirte chun ordú a fháil ar théarmaí comhaontaithe.

Tuilleadh eolais maidir le fógraí foriarratais >

Ag céim ar bith roimh éisteacht an bhreithimh, d'fhéadfadh céimeanna nó gníomhartha breise a bheith le cur i gcrích. Uaireanta, déanfaidh an Cláraitheoir Contae athbhreithniú ar an gcás sula gcuirfear faoi bhráid an bhreithimh é. Is oifigigh chúirte ghairmiúla dlí iad Cláraitheoirí Contae a bhfuil feidhmeanna riaracháin acu sa Chúirt Chuarda. D'fhéadfadh a phróiseas athbhreithnithe féin a bheith ag gach contae. Déan teagmháil le d'oifig chúirte chun tuilleadh eolais a fháil.

Cuireann an t-iarratasóir agus an freagróir in aghaidh na dtéarmaí (easaontaíonn siad)

 

Mura n-aontaíonn páirtí amháin le téarmaí an cholscartha, féadfaidh an Cláraitheoir Contae an t-ábhar a athbhreithniú in éisteacht um Dhul Chun Cinn Cáis. Tá sé mar aidhm ag an éisteacht seo saincheisteanna a aithint agus a réiteach sula gcuirfear os comhair na cúirte é. Bunóidh an Cláraitheoir Contae aon bhearta a bheidh le déanamh chun an cás a ullmhú lena éisteacht ag breitheamh. D'fhéadfaí a áireamh leis sin na saincheisteanna atá faoi dhíospóid a aithint agus a chinntiú go bhfuil an páipéarachas go léir ceart.

Tuilleadh eolais maidir le Dul Chun Cinn Cáis >

 

Gan freagra

Mura ndéanann an freagróir láithreas a thaifeadadh, cosaint a chomhdú nó cruthúnas ar chomhaontú a sholáthar, féadfaidh an t-iarratasóir a iarraidh ar an gcúirt dul ar aghaidh leis an gcolscaradh.

Tuilleadh eolais i gcás nach bhfuil aon fhreagra >