An Próiseas Colscartha

Dul Chun Cinn Cáis?

Is éard is Dul Chun Cinn Cáis ann ná bainistiú cáis ag Cláraitheoir Contae sula dtéann an cás ar aghaidh le héisteacht iomlán os comhair breithimh. Is oifigeach de chuid na cúirte é Cláraitheoir Contae ar féidir leis/léi cinntí áirithe a dhéanamh maidir le cás.

Is í an aidhm atá leis sin ná chun a dheimhniú go bhfuil gach beart is gá glactha sula n-éistfidh breitheamh cás. Cabhróidh sé sin an próiseas éisteachta a dhéanamh níos tapúla.

Cén chaoi a n-oibríonn Dul Chun Cinn Cáis?

Braitheann an cinneadh maidir leis an bpróiseas um dhul chun cinn cáis a úsáid ar chúinsí do cháis. Má theastaíonn éisteacht um dhul chun cinn cáis ó do chás, seirbheálfaidh an tSeirbhís Chúirteanna na nithe seo a leanas ar an dá pháirtí:

  • Toghairm um Dhul Chun Cinn Cáis. Inseoidh sé sin an dáta agus an t-am a chaithfidh tú (nó d'aturnae) freastal ar éisteacht an Chláraitheora Contae duit. Inseoidh sé duit freisin cad is gá duit a dhéanamh roimh ré.
  • Ceistneoir um Dhul Chun Cinn Cáis. Tá sé mar aidhm aige sin a fháil amach cad a aontaíonn nó nach n-aontaíonn an t-iarratasóir agus an freagróir faoi. Faightear amach leis freisin cad is gá a dhéanamh sular féidir le breitheamh cás a éisteacht. Tar éis duit an ceistneoir a fháil, ní mór duit:
  1. É a chomhlánú.
  2. Cóip a sheirbheáil ar an bpáirtí eile.
  3. É a chomhdú in oifig na cúirte seacht lá ar a laghad roimh dháta na héisteachta

Freastal ar éisteacht um Dhul Chun Cinn Cáis

Freastalóidh an t-iarratasóir agus an freagróir (agus/nó a n-aturnaetha) ar an éisteacht sin agus pléifidh siad an cás leis an gCláraitheoir Contae. Is féidir leis an gCláraitheoir Contae treoracha nó orduithe a dhéanamh ansin chun a chinntiú go bhfuil an cás ullmhaithe go cuí sula dtéann sé lena éisteacht os comhair breithimh.

Tuilleadh eolais maidir le conas ullmhú chun freastal ar an gcúirt >