Socruithe do Leanaí

Is cuma cén cineál caidrimh atá agaibh, d'fhéadfadh sé go mbeidh ort a bheith ar an eolas faoi shaincheisteanna a bhaineann le leanaí a eascraíonn as an gcaidreamh sin - nó atá mar chuid den chaidreamh sin. I measc na saincheisteanna sin tá siad seo a leanas:

 

  • Is freagracht dhlíthiúil duine í caomhnóireacht chun cinntí a dhéanamh agus dualgais a chomhlíonadh maidir le tógáil linbh.
  • Ciallaíonn coimeád cúram laethúil agus saol baile linbh chleithiúnaigh. I gcúrsaí coimeádta, is leanaí faoi bhun 18 mbliana d'aois iad na leanaí sin.
  • Tagraíonn rochtain don cheart dlíthiúil atá ag leanbh agus ag duine fásta teagmháil a bheith acu lena chéile nuair nach gcónaíonn siad le chéile a thuilleadh.
  • Tagraíonn Saincheisteanna Pas Leanaí d'orduithe cúirte maidir leis an iarratas ar phas linbh - agus maidir le seilbh - pas linbh.

B'fhéidir gur mhaith leat comhairle dlí a fháil chun tuiscint níos fearr a fháil ar na saincheisteanna atá i gceist. Tá seirbhísí eadrána agus tacaíochta ar fáil freisin chun cabhrú leat leis na saincheisteanna sin.

Sábháilteacht leanaí

Má tá imní ort faoi shábháilteacht linbh, ba chóir duit an tsaincheist a thuairisciú do Tusla agus do na Gardaí. D'fhéadfadh sé go mbeadh ort iarratas cúirte a dhéanamh maidir le saincheist a mbíonn tionchar aici ar leanbh. Má tá aon imní ort maidir le sábháilteacht an linbh, ba chóir duit é sin a chur in iúl don bhreitheamh.

Cabhair a fháil