Conas iarratas a dhéanamh

Céim 2
Cuir coinne in áirithe i dTeach an Charnáin

Má tá cónaí ar cheachtar agaibh nó má oibríonn ceachtar agaibh i mBaile Átha Cliath, d'fhéadfadh gurb í d'oifig áitiúil Oifig Dlí Teaghlaigh Chúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath, ar a dtugtar Teach an Charnáin freisin. Cuireann sé seirbhís ar fáil trí choinne amháin chun cabhrú leat le d'iarratas ar Chaomhnóireacht, ar Rochtain nó ar Choimeád.

Cuir coinne in áirithe do Theach an Charnáin >

Mura bhfuil tú cinnte faoin áit cheart le d'iarratas a dhéanamh, déan teagmháil le d'oifig Cúirte Dúiche áitiúil chun eolas a fháil. Má tá práinn leis an ábhar agus mura féidir éisteacht a fháil i do cheantar Cúirte Dúiche, d'fhéadfadh breitheamh i gceantar Cúirte Dúiche eile a bheith in ann d'iarratas a éisteacht. Ba chóir duit foireann na hoifige cúirte a chur ar an eolas faoin bpráinn.