Conas Iarratas a Dhéanamh

Céim 4
Freastail ar éisteacht chúirte

Ní mór duit freastal ar an gcúirt ag an dáta, an t-am agus an áit atá leagtha amach san iarratas. Is le haghaidh éisteacht chúirte a thionólfar go príobháideach a bheidh sé sin. Ní mór don fhreagróir freastal ar an gcúirt freisin ar an dáta atá luaite san iarratas.

Nuair a éistfear an cás, beidh ort do chás a chur faoi bhráid an bhreithimh.

Ba chóir duit aon doiciméid a thacaíonn le do chás a thabhairt leat chuig an gcúirt.

Gheobhaidh tú féin agus an freagróir an deis fianaise a thabhairt don chúirt agus aon cheisteanna a chur ar an bpáirtí eile faoina f(h)ianaise. Féadfaidh an breitheamh ceisteanna breise a chur freisin. Tar éis dó/di an fhianaise ar fad a éisteacht, déanfaidh an breitheamh cinneadh ansin maidir leis an iarratas. Tugtar ordú cúirte air sin.

Mura bhfreastalaíonn tú ar an gcúirt, féadfaidh an breitheamh an cás a scriosadh amach. Ciallaíonn sé sin nach rachaidh an cás ar aghaidh agus beidh ort tús a chur leis an bpróiseas iomlán arís.

Mura bhfreastalaíonn an freagróir ar an gcúirt, féadfaidh an cás dul ar aghaidh gan é/í agus is féidir leis an mbreitheamh ordú a dhéanamh agus é/í as láthair.

Tuilleadh eolais maidir le hullmhú don chúirt Dlí Teaghlaigh >

I gcásanna áirithe ina bhfuil leanaí i gceist, b'fhéidir gur mhaith le breitheamh eolas a fháil faoina leas, faoina sábháilteacht, faoina sláinte agus faoina gcúram. Má tá leanbh ag aois oiriúnach agus aibí go leor, b'fhéidir gur mhaith leis/léi a dtuairimí a chur san áireamh. Chun an t-eolas sin a fháil, d'fhéadfadh an breitheamh cinneadh a dhéanamh go dteastaíonn tuarascáil ó shaineolaí uaidh/uaithi.

Tuilleadh eolais maidir le tuarascálacha faoi leanaí >