Céim 1
Smaoinigh ar chomhairle dlí a fháil
Is féidir le hachomhairc Dlí Teaghlaigh tionchar a imirt ar rudaí amhail socruithe do do leanaí, cothabháil, áras an teaghlaigh, airgead, sócmhainní agus pinsin.
B'fhéidir gur mhaith leat comhairle dlí a fháil chun tuiscint níos fearr a fháil ar na tionchair sin. Cé nach féidir leis an tSeirbhís Chúirteanna comhairle a thabhairt nó ionadaíocht a dhéanamh do dhaoine sa chúirt, is féidir linn a chur in iúl duit gur chóir go mbeadh na nithe seo a leanas san áireamh sna seirbhísí a chuireann ionadaí dlíthiúil ar fáil. Ba cheart dó/di:
- comhairle a thabhairt duit faoi do chearta dlíthiúla
- míniú conas a d'fhéadfadh sibh teacht ar chomhaontú
- do pháipéarachas a ullmhú agus a chomhdú
- labhairt ar do shon sa chúirt
Is féidir leat cinneadh a dhéanamh ionadaíocht a dhéanamh duit féin i d'ábhar dlí teaghlaigh. Má dhéanann tú cinneadh ionadaíocht a dhéanamh duit féin, beidh ort nósanna imeachta cúirte a thuiscint.