Níl Cothabháil á hÍoc

Tá bealaí ann chun íocaíochtaí cothabhála a aisghabháil mura bhfuil siad á n-íoc ag an bhféichiúnaí cothabhála.

  • Má rinne sibh comhaontú deonach maidir le cothabháil agus mura bhfuil na híocaíochtaí sin á n-íoc, b'fhéidir gur mhaith leat comhairle dlí a fháil chun do roghanna a thuiscint.

Tuilleadh eolais ar chomhairle dlí agus ionadaíocht >

  • Má rinne breitheamh ordú cúirte faoi chothabháil agus mura bhfuil na híocaíochtaí sin á n-íoc, féadfaidh tú a iarraidh ar bhreitheamh cinneadh a dhéanamh maidir leis an ordú a fhorfheidhmiú.

Is féidir le haisghabháil cothabhála a bheith ag brath freisin ar cibé an bhfuil an féichiúnaí cothabhála ina c(h)ónaí in Éirinn nó ina c(h)ónaí thar lear.

Neamhíocaíocht ag duine a bhfuil cónaí air/uirthi in Éirinn

Tá dhá phríomhbhealach ann chun cothabháil neamhíoctha a aisghabháil ó dhuine atá ina c(h)ónaí in Éirinn:

1: Déan Iarratas ar Ordú Astaithe Tuillimh

Ciallaíonn an t-ordú sin nach mór d'fhostóir nó do sholáthraí pinsin príobháideach na híocaíochtaí cothabhála a asbhaint ó phá, ó thuarastal nó ó phlean pinsin an fhéichiúnaí cothabhála. Is ordú cúirte é, rud a chiallaíonn go ndéanann breitheamh é. Déantar formhór na n-iarratas ar Ordú Astaithe Tuillimh sa Chúirt Dúiche.

Ní dhéanann Ordú Astaithe Tuillimh maitheas duit ach amháin nuair atá an féichiúnaí cothabhála:

  • fostaithe
  • i scéim pinsin phríobháideach nó a bhfuil plean pinsin príobháideach aige

Uaireanta is féidir leis an bhféichiúnaí cothabhála titim siar ar a (h)íocaíocht rialta nó sraith íocaíochtaí. Sa chás sin, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Ordú Astaithe Tuillimh.

Conas iarratas a dhéanamh ar ordú astaithe tuillimh >

2: Iarratas a dhéanamh chun íocaíochtaí cothabhála nár íocadh a aisghabháil

Má tá an féichiúnaí cothabhála féinfhostaithe in Éirinn nó mura mian leat iarratas a dhéanamh ar Ordú Astaithe Tuillimh, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh chun na cúirte chun aon íocaíochtaí nár íocadh a aisghabháil.

Má rinneadh an t-ordú cothabhála bunaidh sa Chúirt Dúiche, is é an bealach is coitianta chun é sin a dhéanamh ná iarratas a dhéanamh i scríbhinn ag iarraidh ar Chléireach Cúirte Dúiche toghairm a eisiúint. Tugtar Toghairm chun go bhFreastalóidh Féichiúnaí Cothabhála ar an toghairm sin.

Ordóidh an toghairm sin don fhéichiúnaí cothabhála freastal ar éisteacht chúirte agus míniú cén fáth nár íocadh na híocaíochtaí cothabhála.

Ag an éisteacht, éistfidh an breitheamh fianaise uaitse agus ón bhféichiúnaí cothabhála, agus déanfaidh sé/sí cinneadh. Seo a leanas cuid de na cinntí is féidir le breitheamh a dhéanamh:

  • An cás a chur ar atráth le go bhféadfar aon riaráistí cothabhála a íoc.
  • An t-ordú cothabhála atá ann cheana a athrú.
  • Déileáil le neamhíocaíocht cothabhála mar dhíspeagadh cúirte. Má chinneann an breitheamh é sin a dhéanamh, is féidir leis/léi ordú a dhéanamh chun an féichiúnaí cothabhála a chur i bpríosún.

I gcásanna áirithe, is féidir leat cothabháil neamhíoctha a aisghabháil trí iarratas ar Ordú Forghníomhaithe a dhéanamh chuig an gcúirt. Is cur chuige é nach bhfuil chomh coitianta ach is féidir é a úsáid chun ordú cothabhála a dhéantar sa Chúirt Dúiche, sa Chúirt Chuarda nó san Ard-Chúirt chomh maith le horduithe cothabhála eachtracha a fhorfheidhmiú.

Conas iarratas a dhéanamh chun riaráistí cothabhála a aisghabháil >

Neamhíocaíocht ag duine a bhfuil cónaí air/uirthi thar lear

Chun cabhrú leat cothabháil a fháil ó dhuine atá ina c(h)ónaí thar lear:

  • Déan teagmháil leis an Lánúdarás um Aisghabháil Cothabhála sa Roinn Dlí agus Cirt. Ní mór seoladh an duine eile a bheith agat.
  • D'fhéadfadh an próiseas tamall fada a thógáil. De ghnáth ní bhíonn aon chostais dlí i gceist má tá cothabháil á saothrú agat féin. D'fhéadfadh táillí a bheith i gceist má lorgaíonn tú comhairle ghairmiúil dlí.
  • Tá an nós imeachta cosúil cibé an bhfuil cónaí ar an bhféichiúnaí cothabhála san AE, sna Stáit Aontaithe nó i dtíortha eile a chláraigh le coinbhinsiúin idirnáisiúnta amhail an Coinbhinsiún Nua-Eabhrac ar Ghnóthú Cothabhála ar an gCoigríoch, 1956