Conas Iarratas a Dhéanamh

Céim 5
Seirbheáiltear doiciméid ar an bhfreagróir

Seirbheálfaidh an tSeirbhís Chúirteanna An Garda Síochána ar an bhfreagróir. Ciallaíonn sé sin go bhfaighidh an freagróir na doiciméid seo a leanas:

  • Cóip den ordú cúirte gearrthéarmach
  • Toghairm le haghaidh éisteacht chúirte iomlán den Ordú Sábháilteachta, den Ordú Urchoisc nó an dá cheann
  • Cóip de d'fhoirm eolais
  • Nóta den fhianaise a éisteadh ag an éisteacht chúirte

Cuirfidh oifig na cúirte cóip den ordú chuig an nGarda Síochána freisin le haghaidh a gcuid taifead.

Má sháraíonn an freagróir an t-ordú, déan teagmháil leis na Gardaí láithreach.

Tuilleadh eolais faoi cad a tharlaíonn má sháraíonn duine ordú cúirte >