Conas Iarratas a Dhéanamh

Céim 1
Cá háit le hiarratas a chur isteach

Téigh chuig oifig na Cúirte Dúiche don cheantar cúirte ina bhfuil cónaí ort faoi láthair. De rogha air sin, téigh chuig oifig na cúirte don cheantar cúirte ina mbeifeá i do chónaí de ghnáth mura raibh ort bogadh go ceantar eile mar gheall ar iompar an fhreagróra.

Má tá tú neamhchinnte, déan teagmháil le hoifig na cúirte roimh ré chun cúnamh a fháil

B'fhéidir gur mhaith leat comhairle dlí a fháil chun tuiscint níos fearr a fháil ar a bhfuil i gceist.

Má tá oifig na cúirte dúnta agus más gá duit iarratas a dhéanamh ar chabhair phráinneach, déan teagmháil leis na Gardaí láithreach.

B'fhéidir gur mhaith leat teagmháil a dhéanamh le grúpa tacaíochta um fhoréigean baile chun cabhair a fháil.

Tuilleadh eolais ar sheirbhísí tacaíochta >