Conas Iarratas a Dhéanamh

Céim 4
Freastail ar éisteacht chúirte le haghaidh ordú um fhoréigean baile láithreach

Go gairid tar éis duit an páipéarachas a chomhlánú, socróidh foireann oifig na cúirte go ndéanfaidh tú d'iarratas chuig breitheamh ag éisteacht chúirte. D'fhéadfadh sé seo a bheith ar an lá céanna nó laistigh de lá nó dhó. I roinnt ceantar Cúirte Dúiche, d'fhéadfadh an éisteacht a bheith san fhoirgneamh céanna. Féadfaidh tú a iarraidh go mbeidh oibrí tacaíochta in éineacht leat ag an éisteacht, más mian leat.

Cloistear formhór na n-iarratas ar bhonn 'ex parte'. Ciallaíonn sé sin gur féidir le d'éisteacht chúirte dul ar aghaidh gan fógra a thabhairt don fhreagróir roimh ré agus gan é/í a bheith i láthair i seomra na cúirte.

Éistfear d'iarratas go príobháideach. Ní cheadaítear ach líon beag daoine sa seomra cúirte leat. Áirítear leo siúd: an breitheamh, cláraitheoir cúirte, d'oibrí tacaíochta (má cheadaítear é/í), d'ionadaí dlíthiúil (aturnae nó abhcóide, nó an bheirt acu) agus comhalta den Gharda Síochána.

De rogha air sin, is féidir leat cead a iarraidh chun fianaise a thabhairt go cianda trí nasc físe. Déanfaidh an breitheamh cinneadh an bhfuil sé cuí é sin a cheadú.

Léifidh an breitheamh d'fhoirm eolais ach b'fhéidir go n-iarrfaidh sé/sí tuilleadh eolais ort chun cabhrú leis/léi cinneadh a dhéanamh.

Is é/í an breitheamh a dhéanfaidh cinneadh ar d'iarratas. Tá trí chinneadh féideartha ann:

  • Deonaítear an tOrdú. Ciallaíonn sé sin go n-aontaíonn sé/sí an t-ordú sealadach a ndearna tú iarratas air a thabhairt duit. Ciallaíonn sé freisin gur féidir leat leanúint le d'iarratas a dhéanamh ar Ordú Sábháilteachta nó Ordú Urchoisc fadtéarmach, nó ar an dá cheann. Gheobhaidh tú cóip den ordú cúirte. Tagann an t-ordú cúirte i bhfeidhm a luaithe is a chuirtear an freagróir ar an eolas go ndearnadh an t-ordú. Má bhí an freagróir sa chúirt nuair a rinneadh é, glactar leis gur cuireadh ar an eolas iad. Mura raibh an freagróir sa chúirt, cinnfidh an breitheamh cé a sheirbheálfaidh na doiciméid ar an bhfreagróir. Is í an tSeirbhís Chúirteanna nó na Gardaí a bheidh i gceist. D'fhéadfadh sé go mbeadh teagmháil agat leis an bhfreagróir sula seirbheálfar na doiciméid. Má tá sé sábháilte é seo a dhéanamh, ba chóir duit a chur in iúl don fhreagróir go bhfuil ordú déanta agus cóip den ordú a thabhairt dó/di. Tríd seo a dhéanamh, glactar leis go bhfuil fógra tugtha don fhreagróir. Gheobhaidh tú toghairm chúirte freisin. Is fógra é sin duit féin agus don fhreagróir láithriú sa chúirt ar dháta amach anseo le haghaidh éisteacht iomlán an iarratais.
  • Diúltaítear don ordú Gearrthéarmach. Mar sin féin, ligtear duit iarratas a dhéanamh ar Ordú Sábháilteachta fadtéarmach nó ar Ordú Urchoisc, nó ar an dá cheann.
  • Diúltaítear do gach ordú. Ciallaíonn sé sin nach n-aontaítear an t-ordú sealadach a bhfuil iarratas á dhéanamh agat air nó an t-Ordú Sábháilteachta fadtéarmach nó an t-Ordú Urchoisc, nó an dá cheann, a dheonú.

Tuilleadh eolais maidir le hullmhú don Chúirt Dlí Teaghlaigh >