An Próiseas Colscartha

Céim 1
Smaoinigh ar chomhairle dlí agus ar eadráin

 

Is féidir le cinntí Dlí Teaghlaigh tionchar a imirt ar nithe amhail socruithe do do leanaí, cothabháil, áras an teaghlaigh, airgead, sócmhainní agus pinsin.

B'fhéidir gur mhaith leat comhairle dlí a fháil chun tuiscint níos fearr a fháil ar na tionchair sin. Is féidir leat cinneadh a dhéanamh ionadaíocht a dhéanamh duit féin i d'ábhar dlí teaghlaigh. Cé nach féidir leis an tSeirbhís Chúirteanna comhairle a thabhairt nó ionadaíocht a dhéanamh do dhaoine sa chúirt, is féidir linn a chur in iúl duit gur chóir go mbeadh na nithe seo a leanas san áireamh sna seirbhísí a chuireann ionadaí dlíthiúil ar fáil. Ba cheart dó/di:

  • comhairle a thabhairt duit faoi do chearta dlíthiúla
  • míniú conas a d'fhéadfadh sibh teacht ar chomhaontú
  • do pháipéarachas a ullmhú agus a chomhdú
  • labhairt ar do shon sa chúirt

Má dhéanann tú cinneadh ionadaíocht a dhéanamh duit féin, beidh ort nósanna imeachta cúirte a thuiscint freisin.

Le headráin, cabhraítear leat réiteach a fháil ar aon díospóidí a d'fhéadfadh a bheith agat maidir le socruithe do do leanaí, cothabháil, áras an teaghlaigh, airgead, sócmhainní agus pinsin. Is seirbhís rúnda í. Tá gach eadránaí neodrach.

Níl eadráin ann chun cabhrú le lánúineacha síocháin a dhéanamh. Tá sí ann chun comhoibriú a spreagadh eadraibh agus chun socruithe atá inghlactha go frithpháirteach a oibriú amach. Le linn na headrána, is féidir libh bualadh leis an eadránaí le chéile nó ar leithligh.

Ar an meán, maireann an eadráin idir trí sheisiún agus sé sheisiún uair an chloig.

Má tá leanaí agat, is féidir le bhur n-eadránaí a chinntiú go n-éistear le guth an linbh le linn an phróisis eadrána.

Is féidir do chomhaontú eadrána a athrú nó a leasú de réir mar is gá. Beidh ort dul chun na cúirte chun é sin a dhéanamh más cuid d'ordú cúirte é do chomhaontú eadrána, mar shampla.

 

Tuilleadh eolais faoi eadráin agus faoi chúnamh dlí >