An Próiseas Colscartha

Céim 3

Seirbheálann an t-iarratasóir na doiciméid

Coimeádann an t-iarratasóir an bille sibhialta bunaidh agus cóip de na mionnscríbhinní dá t(h)aifid. Seolann sé/sí cóip den bhille sibhialta agus na mionnscríbhinní go léir chuig an bhfreagróir. Glactar le fótachóipeanna. De rogha air sin, is féidir le hionadaí dlíthiúil an iarratasóra iad sin a sheoladh. Tugtar seirbheáil air sin.

Seirbheálann an t-iarratasóir na doiciméid ar an bhfreagróir tríd an bpost cláraithe nó i bpearsa. Is féidir leis an iarratasóir na doiciméid a sheirbheáil ar aturnae an fhreagróra freisin, ar choinníoll go n-aontaíonn an t-aturnae glacadh le seirbheáil.

Mura bhfuil sonraí teagmhála an fhreagróra ag an iarratasóir, beidh air/uirthi tuilleadh treoracha a iarraidh ar an gcúirt.

Cruthúnas ar sheirbheáil

Iarrfaidh an chúirt cruthúnas gur sheol an t-iarratasóir na doiciméid chuig an bhfreagróir. Tugtar Mionnscríbhinn Seirbhíse air sin. Ní mór don iarratasóir gach mionnscríbhinn a shíniú i bpearsa os comhair aturnae (ach ní os comhair a (h)aturnae féin) nó os comhair an Choimisinéara Mionnaí chun a mhionnú go bhfuil an t-eolas a thugtar ceart.

I bhformhór na gcúinsí tá deich lá ag an bhfreagróir chun freagra a thabhairt.

Má tá an t-iarratasóir ag iarraidh ar an gcúirt cinneadh a dhéanamh faoi phinsean, ní mór dó/di fógra a sheirbheáil ar iontaobhaithe na scéime pinsin.

Tuilleadh eolais maidir le conas doiciméid a sheirbheáil agus cruthúnas ar sheirbheáil >