An Próiseas Colscartha

Doiciméid Dlí a Sheirbheáil agus Cruthúnas ar Sheirbheáil

Má rinne tú an t-iarratas chun na cúirte, is tusa an t-iarratasóir agus is é an páirtí eile sa chás an freagróir. Má tá freagra á thabhairt agat ar pháipéir a fuair tú, is tusa an freagróir agus is é an páirtí eile sa chás an t-iarratasóir.

Ní mór duit cóipeanna de gach doiciméad cúirte a chur ar fáil don pháirtí eile sa chás. Tugtar seirbheáil air sin agus is é atá i gceist leis ná go bhfuil tú ag cur an páirtí eile ar an eolas gur thug tú an doiciméad sin don chúirt. Tá sé an-tábhachtach go gcoinníonn tú aon doiciméid bhunaidh.

 

Conas doiciméid a sheirbheáil

Má tá cónaí ar an bpáirtí eile in Éirinn, is féidir leat na doiciméid a sheirbheáil air/uirthi tríd an bpost cláraithe nó i bpearsa. Má tá ionadaíocht á déanamh ag aturnae don pháirtí eile, is féidir leat na doiciméid a sheirbheáil ar an aturnae freisin, ar choinníoll go nglacann sé/sí le seirbheáil.

Mura féidir leat na doiciméid a sheirbheáil tríd an bpost cláraithe nó i bpearsa, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh chun na cúirte chun na doiciméid a sheirbheáil ar bhealach eile. Mar shampla, tríd an ngnáthphost nó trí mhodhanna leictreonacha. B'fhéidir gur mhaith leat comhairle dlí a fháil chun tuiscint níos fearr a fháil ar a bhfuil i gceist.

  • Doiciméid a sheirbheáiltear tríd an bpost cláraithe: Is é sin an bealach is coitianta chun doiciméid a sheirbheáil. Seolann tú chuig an bpáirtí eile iad ag a s(h)eoladh deiridh atá ar eolas nó ag a s(h)eoladh oibre. Ní mór duit an deimhniú postais a thugtar duit in oifig an phoist a choinneáil mar beidh sé ag teastáil uait sa chúirt.
  • Doiciméid a sheirbheáiltear i bpearsa: Mura féidir leat an páirtí eile a sheirbheáil trí phost cláraithe, b'fhéidir gur mhaith leat é/í a sheirbheáil i bpearsa. Ciallaíonn sé sin go seirbheálfá féin é/í, nó go seirbheálfadh seirbheálaí toghairme é/í. Is duine é sin a dhéanann speisialtóireacht ar dhoiciméid dhlíthiúla a sheirbheáil agus ní mór dó/di iad a sheirbheáil de réir rialacha cúirte. Gearrfar táille ort as an tseirbhís sin, mar sin pléigh táillí leis an soláthraí seirbhíse.

Céard a bheidh ag teastáil uait chun cruthúnas ar sheirbheáil a thaispeáint

Tar éis na doiciméid a sheirbheáil, ní mór duit cruthúnas ar sheirbheáil a chur ar fáil don chúirt. Déanann tú é sin trí Mhionnscríbhinn Seirbheála nó Dearbhú Reachtúil i dtaobh Seirbheála a chomhdú sa Chúirt Chuarda.

Doiciméid a sheirbheáiltear tríd an bpost cláraithe
  • Mionnscríbhinn Seirbheála: Agus úsáid á baint as an bpróiseas sin, ní mór go leagfar amach sa mhionnscríbhinn dáta na seirbheála, na doiciméid a seirbheáladh, agus an modh seirbheála. Ba chóir an deimhniú postais a cheangal leis an mionnscríbhinn. Ní mór an mhionnscríbhinn a chomhdú ansin in oifig na cúirte. Mura gcuirtear na doiciméid neamhsheachadta ar ais chugat laistigh de dheich lá, féadfaidh tú mionnscríbhinn seirbheála a mhionnú anois. I bhfocail eile, is féidir leat a mhionnú gur seirbheáladh na doiciméid ar an bpáirtí eile bunaithe ar chóras rianaithe agus lorgaireachta de chuid na cuideachta poist.

  • Dearbhú i dtaobh Seirbheála: De rogha air sin, mura gcuireann An Post na doiciméid neamhsheachadta ar ais chugat laistigh de dheich lá, féadfaidh tú Foirm 1B a chomhlánú. Leis an bhfoirm sin is féidir leat a dhearbhú do dhuine údaraithe gur seirbheáladh na doiciméid. Ba chóir an deimhniú postais a cheangal leis an dearbhú reachtúil. Ní mór an dearbhú reachtúil a chomhdú ansin in oifig na cúirte.
Doiciméid a sheirbheáiltear i bpearsa
  • Mionnscríbhinn Seirbheála: Má seirbheáladh na doiciméid i bpearsa, ní mór don duine a sheirbheáil na doiciméid Mionnscríbhinn Seirbheála a mhionnú. Ní mór go leagfar amach sa mhionnscríbhinn dáta na seirbheála, na doiciméid a seirbheáladh, agus an modh seirbheála. Ní mór an mhionnscríbhinn a chomhdú ansin in oifig na cúirte.

  • Dearbhú i dtaobh Seirbheála: Má seirbheáladh na doiciméid i bpearsa, ní mór don duine a sheirbheáil na doiciméid Foirm 1C a chomhlánú agus a dhearbhú do dhuine údaraithe gur seirbheáladh na doiciméid. Ní mór an dearbhú reachtúil a chomhdú ansin in oifig na cúirte.

Doiciméadú tionscnaimh (nó bunaidh) a nuashonrú

Ní mór don duine a sheirbheáil na doiciméid sonraí na seirbheála a scríobh ar an iarratas bunaidh. Ba cheart na nithe seo a leanas a bheith ar an iarratas:

  • A n-ainm
  • An dáta reatha agus dáta na seirbheála
  • Conas a seirbheáladh an doiciméad ar an bpáirtí eile