An Próiseas Colscartha

Gan Freagra

Tar éis duit an bille sibhialta a sheirbheáil, ní mór duit cruthúnas ar an seirbheáil sin a chur ar fáil don chúirt.

Tá teorainn ama ar an bhfreagróir chun freagra a thabhairt ar an mbille sibhialta. Luaitear an teorainn ama sin sa bhille sibhialta. Má tá bille sibhialta á sheirbheáil thar lear agat, nó má tá treoracha sonracha tugtha ag an gCláraitheoir Contae nó ag an mbreitheamh maidir le hamlínte, ba chóir duit na treoracha sin a leanúint de réir mar is gá. Nuair a chuireann an freagróir in iúl don iarratasóir agus don chúirt go bhfuil freagra á thabhairt aige/aici ar an mbille sibhialta, tugtar 'láithreas a thaifeadadh' air.

Mura dtugann an freagróir freagra ar an mbille sibhialta, nó má thugann sé/sí freagra páirteach, tá dhá rogha ar fáil:

1. Ní taifeadadh aon láithreas

Mura ndearna an freagróir láithreas a thaifeadadh laistigh den teorainn ama, caithfidh tú meabhrúchán a sheoladh chuige/chuici. Tugtar Litir Rabhaidh 14 Lá ar an meabhrúchán sin. Ní mór duit scríobh chuig an bhfreagróir chun a rá leis/léi go bhfuil ceithre lá déag eile aige/aici chun láithreas a thaifeadadh. Mura dtugann an freagróir freagra laistigh den tréimhse sin, iarrfaidh tú ar an mbreitheamh dul ar aghaidh leis an gcás agus cinneadh a dhéanamh d'éagmais láithris.

Beidh ort cóip den litir sin a choinneáil. Tá sé an-tábhachtach go gcoinníonn tú cruthúnas ar sheirbheáil na litreach sin don chúirt.

Féadfaidh an freagróir teagmháil a dhéanamh leat agus am breise a iarraidh chun láithreas a thaifeadadh. Is féidir leat litir a sheoladh chuige/chuici ag aontú leis sin agus an méid ama sa bhreis a cheadaíonn tú a lua. De ghnáth ceadaíonn daoine seachtain nó dhó sa bhreis.

Mura dtugann an freagróir freagra faoin teorainn ama 14 lá nó faoi aon am breise a thugtar, is féidir leat dul ar aghaidh le do chás. Is féidir leat Fógra Foriarratais a chomhlánú ag iarraidh ar an mbreitheamh cinneadh a dhéanamh d'éagmais láithris. Beidh ort Mionnscríbhinn Forais a chomhlánú chun tacú leis an bhFógra Foriarratais ina luafar na fíricí agus na doiciméid ábhartha go léir don chúirt.

Tuilleadh eolais maidir leis an bhFógra Foriarratais agus an Mhionnscríbhinn Forais >

 
2. Rinneadh láithreas a thaifeadadh ach níor comhdaíodh aon chosaint

Má rinne an freagróir láithreas a thaifeadadh ach nár chomhdaigh sé/sí cosaint laistigh de na teorainneacha ama, ní mór duit meabhrúchán a sheoladh chuige/chuici. Tugtar Litir Rabhaidh 14 Lá ar an meabhrúchán sin. Ní mór duit scríobh chuig an bhfreagróir chun a rá leis/léi go bhfuil ceithre lá déag eile aige/aici chun a c(h)osaint a chomhdú. Mura dtugann an freagróir freagra laistigh den tréimhse sin, iarrfaidh tú ar an mbreitheamh dul ar aghaidh leis an gcás agus cinneadh a dhéanamh d'éagmais cosanta.

Beidh ort cóip den litir sin a choinneáil. Tá sé an-tábhachtach go gcoinníonn tú cruthúnas ar sheirbheáil na litreach sin don chúirt.

Féadfaidh an freagróir teagmháil a dhéanamh leat agus am breise a iarraidh chun a c(h)osaint a chomhdú. Is féidir leat litir a thabhairt dó/di ag aontú leis sin agus an méid ama sa bhreise a cheadaíonn tú a lua. De ghnáth ceadaíonn daoine seachtain nó dhó sa bhreis.

Mura dtugann an freagróir freagra faoin teorainn ama 14 lá nó faoi aon am breise a thugtar, is féidir leat dul ar aghaidh le do chás. Is féidir leat Fógra Foriarratais a chomhlánú ag iarraidh ar an mbreitheamh cinneadh a dhéanamh d'éagmais cosanta. Beidh ort Mionnscríbhinn Forais a chomhlánú chun tacú leis an bhfógra, ina luafar na fíricí agus na doiciméid ábhartha go léir don chúirt.

Tuilleadh eolais maidir leis an bhFógra Foriarratais agus an Mhionnscríbhinn Forais >