Conas Iarratas a Dhéanamh

Céim 5
Taisc doiciméid le hoifig na cúirte

Ní mór duit an t-iarratas bunaidh, Dearbhú Reachtúil i dTaobh Seirbheála agus do Ráiteas Socruithe (más infheidhme) a thaisceadh in hoifig na cúirte. Ba chóir duit é sin a dhéanamh chomh luath agus is féidir ach ar a laghad dhá lá roimh dháta na héisteachta cúirte. Má tá na doiciméid in ord, liostófar an t-iarratas don chúirt agus deimhneofar an éisteacht chúirte.

Mura ndéantar na doiciméid a chomhlánú i gceart agus a chur ar ais in am, ní rachfar ar aghaidh leis an éisteacht chúirte.