Cásanna maidir le Cúram Leanaí

Is éard atá i gceist le cásanna Cúram Leanaí ná cásanna ina bhfuil leanaí curtha faoi chúram an stáit, nó ina bhfuil maoirseacht á déanamh ag an stát ar a gcúram. Is é an tAcht um Chúram Leanaí, 1991, an phríomhreachtaíocht a rialaíonn beartas um chúram leanaí.

Tá dualgas reachtúil ar an nGníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach (GLT), Tusla, leas leanaí, atá faoi bhun 18 mbliana d'aois, nach bhfuil cúram agus cosaint leordhóthanach á bhfáil acu a chur chun cinn.

Agus a ndualgas á chomhlíonadh acu, ní mór don GLT:

  • Gach beart is gá a dhéanamh chun leanaí nach bhfuil cúram agus cosaint leordhóthanach á bhfáil acu a aithint.
  • Tús áite a thabhairt do leas an linbh, agus nuair is cuí, aird a thabhairt ar mhianta an linbh.
  • Cuir san áireamh go bhfuil sé chun leasa linbh go ginearálta é/í a thógáil suas ina t(h)eaghlach féin.
  • Seirbhísí um chúram leanaí agus tacaíochta teaghlaigh a sholáthar.

I gcúinsí áirithe, nuair is cosúil nach bhfuil cúram ná cosaint leordhóthanach á bhfáil ag leanbh, ní mór don GLT iarratas a dhéanamh chun na cúirte ar ordú. D'fhéadfadh sé seo a bheith i gceist le haghaidh cineál Ordú Cúraim nó Ordú Maoirseachta ag brath ar an gcás.

Má tá an GLT ag déanamh iarratais ar ordú cúraim leanaí i ndáil le do leanbh, nó má deonaíodh ceann, molaimid go láidir duit comhairle dlí a lorg. Tá roinnt seirbhísí tacaíochta ann freisin a d'fhéadfadh a bheith in ann cabhrú leat. Tá an dlí um Chúram Leanaí casta agus pléann sé le saincheisteanna tromchúiseacha a rachaidh i bhfeidhm ar do theaghlach agus ar do leanaí.

Tuilleadh eolais faoi sheirbhísí cúnaimh dlí agus tacaíochta >

Tuilleadh eolais maidir le hullmhú don chúirt dlí teaghlaigh >

Cineálacha Orduithe Cúraim Leanaí

Tá roinnt orduithe cúirte éagsúla ann ar féidir leis an GLT iarratas a dhéanamh orthu má chreideann siad go bhfuil leanbh i mbaol nó go bhfuil cúram de dhíth air/uirthi. Déantar formhór na nOrduithe um Chúram Leanaí sa Chúirt Dúiche ach déantar cuid acu san Ard-Chúirt freisin. Tugann na horduithe seo raon leathan cumhachtaí don GLT lena n-áirítear cinntí a dhéanamh faoi chúram an linbh, agus rochtain ar an leanbh a eagrú do na tuismitheoirí nó do ghaolta eile.

Is iad seo a leanas na horduithe sin:

Ordú Cúraim Éigeandála

Sa chás go gcreideann breitheamh go bhfuil riosca láithreach tromchúiseach ann do leanbh, féadfaidh sé/sí Ordú Cúraim Éigeandála a dheonú. Cuireann Ordú Cúraim Éigeandála leanbh faoi chúram GLT ar feadh tréimhse nach faide ná 8 lá. Is féidir an t-ordú sin a dhéanamh gan fógra a thabhairt do thuismitheoirí nó do chaomhnóirí an linbh.

Ní féidir Ordú Cúraim Éigeandála a athnuachan.

Ordú Cúraim

Ceadaítear le hOrdú Cúraim leanbh a bhaint de chúram na dtuismitheoirí nó na gcaomhnóirí, agus a chur faoi chúram GLT. Is féidir ordú cúraim a dhéanamh ar feadh tréimhse ar leith nó go dtí go bhfuil an leanbh 18 mbliana d'aois.

Deonóidh breitheamh Ordú Cúraim má tá sé/sí sásta:

  • Go raibh nó go bhfuil an leanbh á (h)ionsaí, nó go raibh nó go bhfuil drochúsáid á tabhairt dó/di, faillí á déanamh ann/inti, mí-úsáid ghnéasach á déanamh air/uirthi, nó
  • Gur dócha go ndéanfar dochar do shláinte, d'fhorbairt nó do leas an linbh, nó gur dócha go gcuirfear isteach ar na nithe sin nó go ndéanfaí faillí iontu, agus
  • Go dteastaíonn cúram nó cosaint ón leanbh nach dócha go bhfaighidís mura ndéanfaidh an chúirt an tOrdú Cúraim.

Is féidir Ordú Cúraim a athnuachan.

Ordú Cúraim Eatramhach

Má tá iarratas déanta ag an GLT ar Ordú Cúraim, is féidir leo iarratas a dhéanamh ar Ordú Cúraim Eatramhach sula n-éistfear an t-iarratas ar Ordú Cúraim.

Má dheonaítear Ordú Cúraim Eatramhach, cuirtear an leanbh faoi chúram an GLT ar feadh tréimhse nach faide ná 28 lá, mura n-aontaíonn na páirtithe le tréimhse níos faide.

Is féidir Ordú Cúraim Eatramhach a shíneadh, tugtar Síneadh ar Ordú Cúraim Eatramhach air sin.

Ordú Cúraim Speisialta

Is féidir leis an Ard-Chúirt Ordú Cúraim Speisialta a dheonú má tá sí sásta:

  • Go bhfuil an leanbh 11 bliana d'aois ar a laghad
  • Go bhfuil baol díobhála do shaol, do shláinte, do shábháilteacht d'fhorbairt agus do leas an linbh ag baint le hiompar an linbh, agus
  • Go dteastaíonn cúram speisialta ón leanbh nach dócha go bhfaighidh sé/sí é mura ndéanann an chúirt an tOrdú Cúraim Speisialta.

Má dheonaítear Ordú Cúraim Speisialta, cuirtear an leanbh faoi chúram an GLT ar feadh tréimhse ama ar leith nach faide ná 3 mhí, ach is féidir an tréimhse sin a shíneadh. Ceadaítear leis an ordú don GLT cúram, oideachas, cóireáil chuí a chur ar fáil, agus más gá, an leanbh a choinneáil in aonad cúraim speisialta.

Is féidir Orduithe Cúraim Speisialta Eatramhacha a dhéanamh sula n-éistfear Ordú Cúraim Speisialta. Má dhéantar Ordú Cúraim Speisialta Eatramhach, is féidir an leanbh a choinneáil in aonad cúraim speisialta ar feadh suas le 28 lá.

Ordú Maoirseachta

Ceadaítear le hOrdú Maoirseachta don GLT maoirseacht a dhéanamh ar chúram linbh. Ní bhaintear an leanbh as a t(h)each fad is atá Ordú Maoirseachta i bhfeidhm. Ceadaítear leis an Ordú Maoirseachta don GLT cuairt a thabhairt ar an leanbh agus monatóireacht a dhéanamh air/uirthi, chomh maith le comhairle a thabhairt do thuismitheoirí nó do chaomhnóirí an linbh.

Beidh Ordú Maoirseachta ann ar feadh tréimhse ar leith, ach ní bheidh sé níos faide ná 12 mhí. I gcásanna áirithe, féadfaidh GLT iarratas a dhéanamh ar Ordú Maoirseachta eile ar nó sula rachaidh an t-ordú tosaigh in éag.

Ionadaíocht don Leanbh

Agus cinntí á ndéanamh aici, ní mór don chúirt a chinntiú go bhfuil tús áite á tabhairt do leas an linbh i gcónaí.

I gcásanna áirithe, féadfaidh Breitheamh páirtí sna himeachtaí a dhéanamh de leanbh agus aturnae a cheapadh chun ionadaíocht a dhéanamh don leanbh. Íocfaidh an GLT na costais dlí seo.

I gcásanna áirithe nach páirtí sna himeachtaí é an leanbh, féadfaidh breitheamh "Caomhnóir ad Litem" a cheapadh chun labhairt ar son an linbh. Is duine neamhspleách é Caomhnóir ad Litem atá cáilithe agus a bhfuil taithí aige/aici ar bheith ag obair le leanaí. Cuirfidh an Caomhnóir ad Litem mianta agus leasanna an linbh in iúl don chúirt. Íocfaidh an GLT as aon chostais a thabhaíonn Caomhnóir ad Litem.

Achomharc a dhéanamh ar Ordú Cúraim Leanaí

Mura bhfuil tú sásta le cinneadh nó le hordú, tá sé de cheart agat achomharc a dhéanamh. Déantar formhór na nOrduithe um Chúram Leanaí sa Chúirt Dúiche. Éistear achomharc ón gCúirt Dúiche sa Chúirt Chuarda arb í an chéad dlínse chúirte is airde eile í.

B'fhéidir gur mhaith leat comhairle dlí a fháil chun tuiscint níos fearr a fháil ar an bpróiseas.

Tuilleadh eolais maidir le hachomharc a dhéanamh ar Ordú Cúirte Dúiche >