Conas Iarratas a Dhéanamh

Céim 3
Seirbheáil an Fógra Achomhairc

Nuair a bheidh an Fógra Achomhairc comhlánaithe, sínithe agus dátaithe agat, ní mór duit cóip a chur ar fáil d'aon pháirtí eile atá páirteach sa chás. Tugtar seirbheáil air sin. Ciallaítear leis sin na páirtithe a chur ar an eolas go bhfuil achomharc á dhéanamh agat ar an ordú chuig an gCúirt Chuarda.

Seirbheáil an Fógra Achomhairc

Ní mór duit cóip den Fhógra Achomhairc a sheirbheáil ar na freagróirí nó ar an aturnae a rinne ionadaíocht dóibh sa chás bunaidh Cúirte Dúiche. Is féidir leat é sin a dhéanamh le:

  • Post Cláraithe ag an seoladh nó ag an seoladh oibre is deireanaí atá ar eolas. Ní mór duit an deimhniú postais a choinneáil mar beidh sé ag teastáil uait níos déanaí.

  • Seirbheáil Phearsanta trí na doiciméid a sheirbheáil i bpearsa nó trí sheirbheálaí toghairme a úsáid. Is duine é sin a bhfuil saineolas aige/aici ar dhoiciméid dhlíthiúla a sheirbheáil. Ba cheart duit fiosrú faoi roimh ré mar bíonn táille ar an tseirbhís sin.

Cruthúnas ar sheirbheáil

Tar éis duit an Fógra Achomhairc a sheirbheáil, ní mór duit cruthúnas ar sheirbheáil a chur ar fáil don chúirt. Déanann tú é sin trí Dhearbhú Reachtúil i dTaobh Seirbheála a chomhlánú. Deimhnítear leis sin go ndearnadh an Fógra Achomhairc a sheirbheáil ar an bhfreagróir.

  • Má seirbheáladh na doiciméid trí phost cláraithe (Foirm 41.01): Mura seolann An Post na doiciméid ar ais chugat, is féidir leat Dearbhú Reachtúil i dTaobh Seirbheála (Foirm 41.01) a chomhlánú. Ba chóir an deimhniú postais a cheangal leis an dearbhú reachtúil. Chomh maith leis sin, ní mór an dearbhú sin a bheith fianaithe agus sínithe ag Coimisinéir Mionnaí, ag aturnae (ach ní ag d'aturnae féin) nó ag Feidhmeannach Síochána.
  • Má seirbheáladh na doiciméid trí sheirbheáil phearsanta (Foirm 41.03): Má seirbheáladh na doiciméid i bpearsa, ní mór don duine a rinne na doiciméid a sheirbheáil Dearbhú Reachtúil i dTaobh Seirbheála (Foirm 41.03) a chomhlánú. Chomh maith leis sin, ní mór an dearbhú sin a bheith fianaithe agus sínithe ag Coimisinéir Mionnaí, ag aturnae (ach ní ag d'aturnae féin) nó ag Feidhmeannach Síochána.

Cuir doiciméid ar ais chuig oifig na cúirte

Ní mór duit na doiciméid bhunaidh den Fhógra Achomhairc agus den Dearbhú Reachtúil i dTaobh Seirbheála a chomhdú in oifig na cúirte don cheantar cúirte ina ndearnadh an t-ordú Cúirte Dúiche. Ní mór duit é seo a dhéanamh laistigh de cheithre lá dhéag ó rinneadh an t-ordú Cúirte Dúiche.