Conas Iarratas a Dhéanamh

Céim 4
Freastail ar Éisteacht Cúirte Cuarda

Gheobhaidh tú féin agus an freagróir fógra ó oifig na cúirte lena gcuirtear dáta agus ionad na héisteachta achomhairc in iúl duit.

I gcontaetha ar leith, b'fhéidir go mbeidh ort freastal ar chúirt Cláraitheora Contae roimh éisteacht iomlán an achomhairc. Ag an gcúirt sin, cinnfidh an Cláraitheoir Contae an dáta agus an t-ionad ina n-éistfear d'achomharc sa Chúirt Chuarda.

Athéisteacht iomlán ar an ábhar a bhfuil achomharc á dhéanamh ina leith a bheidh in éisteacht na Cúirte Cuarda. Éistear cásanna dlí teaghlaigh i gcúirt iata (go príobháideach) chun príobháideacht an teaghlaigh a chosaint. Ní bheidh ach foireann na cúirte, daoine a bhfuil baint acu leis an gcás agus aon duine eile a cheadaíonn an breitheamh i seomra na cúirte. Níl cead agat an cás a phlé le haon duine eile, seachas d'ionadaithe dlí, ach amháin má cheadaíonn breitheamh é. Is chun príobháideacht gach duine a chosaint a dhéantar é sin.

  • Mura bhfreastalaíonn tú ar an gcúirt, féadfaidh an breitheamh an t-achomharc a scriosadh amach. Ciallaíonn sé sin nach rachaidh an t-achomharc ar aghaidh agus go bhfanfaidh ordú na Cúirte Dúiche i bhfeidhm.
  • Mura bhfreastalaíonn freagróir ar an gcúirt, féadfar ordú a dhéanamh agus é/í as láthair.
  • Má éistear an cás, beidh ar an achomharcóir agus ar an bhfreagróir/na freagróirí a gcásanna a chur i láthair. Mura bhfuil aturnae agat, beidh ort eolas a bheith agat ar phróiseas na cúirte. B'fhéidir gur mhaith leat comhairle dlí a fháil chun tuiscint níos fearr a fháil ar a bhfuil i gceist.

Tuilleadh eolais maidir le hullmhú don Chúirt Dlí Teaghlaigh >