Conas Iarratas a Dhéanamh

Céim 5
Déanann an Breitheamh Cinneadh

Ag an éisteacht chúirte, déanfaidh an breitheamh achomhairc cinneadh ar a dtugtar ordú cúirte. Beidh aon teorainneacha dlínse a bhí i bhfeidhm sa Chúirt Dúiche i bhfeidhm sa Chúirt Chuarda freisin. Ciallaíonn sé sin go bhfuil na cumhachtaí céanna ag an gCúirt Chuarda agus atá ag an gCúirt Dúiche agus an t-achomharc á éisteacht.

Tabharfaidh oifig na cúirte an t-ordú cúirte chun críche agus seolfaidh sí chugat agus chuig an bhfreagróir é, nó chuig d'aturnaetha a luaithe a bheidh sé réidh.

Ba chóir duit é seo a fháil laistigh de cheithre seachtaine ó éistear an cás achomhairc. Mura bhfaigheann tú an t-ordú cúirte laistigh den tréimhse sin, déan teagmháil le hoifig na cúirte.

Cinneadh críochnaitheach a bheidh i gcinneadh na Cúirte Cuarda. Ní féidir achomharc a dhéanamh air.