Conas Iarratas a Dhéanamh

Cad atá i gceist le 'láithreas a thaifeadadh'?

Nuair a dhéanann tú láithreas a thaifeadadh, ciallaíonn sé sin go bhfuil a fhios ag an iarratasóir agus ag an gcúirt go bhfuil freagra á thabhairt agat ar an mbille sibhialta. Leis an taifeadadh láithris mínítear má tá aturnae agat nó más mian leat ionadaíocht a dhéanamh duit féin ag an gcéim seo, agus cén áit ar féidir doiciméid a sheoladh.

Mura ndéanann tú láithreas a thaifeadadh, féadfaidh an breitheamh cinntí a dhéanamh faoi do chás gan do fhreagra.

Seo iad na trí chéim atá le leanúint:

1. Comhlánaigh Foirm 5 - Láithreas a Thaifeadadh

Beidh ort Foirm 5 - Láithreas a Thaifeadadh a chomhlánú. De ghnáth bíonn deich lá agat chun an fhoirm a chur faoi bhráid oifig na cúirte. Tá an t-achar ama atá agat é sin a dhéanamh scríofa ar an mbille sibhialta.

Tabhair faoi deara go bhfuil dhá chuid den fhoirm le síniú agus dáta le cur orthu: (i) dírithe chuig an gCláraitheoir Contae agus (ii) dírithe chuig an iarratasóir (nó chuig a (h)aturnae). Féadfar 'an gearánaí' a thabhairt ar an iarratasóir ar an bhfoirm.

2. Cuir Foirm 5 chomhlánaithe faoi bhráid oifig na cúirte

Beidh ort trí chóip den fhoirm sin a thabhairt d'oifig na cúirte le dátstampa a chur orthu. Déanfaidh oifig na cúirte seiceáil chun a chinntiú go bhfuil an fhoirm sin á cur isteach agat laistigh den teorainn ama atá luaite ar an mbille sibhialta. Má ghlactar leis an bhfoirm, seolfaidh oifig na cúirte dhá chóip le dátstampa curtha orthu ar ais chugat. Coimeádfaidh tú cóip amháin agus beidh ort an chóip eile a sheoladh chuig an iarratasóir nó chuig a (h)aturnae.

Má tá tú déanach ag comhlánú d'fhoirm ar thaifeadadh láithris, is féidir leat am breise a iarraidh ar an iarratasóir nó ar a (h)aturnae. Má thugann sé/sí am breise duit, ba chóir dó/di litir a scríobh chugat ina luaitear an méid ama breise atá agat. Tabhair litir an chomhaontaithe sin chuig oifig na cúirte in éineacht le d'fhoirm chomhlánaithe ar thaifeadadh láithris.

Mura dtugann sé/sí am breise duit, is féidir leat a iarraidh ar chúirt cinneadh a dhéanamh maidir leis sin.

3. Seirbheáil an taifeadadh láithris

Ar an mbille sibhialta beidh an seoladh ag a mbeidh ort aon doiciméid faoin gcás a sheoladh chuig an iarratasóir.

Beidh ort cóip amháin de do thaifeadadh láithris a sheoladh chuig do chéile.

Beidh cruthúnas uait chun a léiriú gur sheol tú an doiciméad chuig an seoladh ceart.

Tuilleadh eolais maidir le doiciméid a sheirbheáil >