Conas Iarratas a Dhéanamh

Céim 4
Seirbheáil an Fógra Achomhairc

Nuair a bheidh an Fógra Achomhairc comhlánaithe agus sínithe agus dátaithe agat, ní mór duit cóip a chur ar fáil d'aon pháirtí eile a ndéanann an Fógra Achomhairc difear dó/di. Tugtar seirbheáil air sin. Ciallaíonn sé sin na páirtithe a chur ar an eolas go bhfuil achomharc á dhéanamh agat chuig an Ard-Chúirt ar ordú na Cúirte Cuarda.

I. Ag seirbheáil

Má rinne aturnae ionadaíocht do pháirtí sa Chúirt Chuarda, is féidir leat an Fógra Achomhairc a sheirbheáil ar a (h)aturnae trí chóip a fhágáil ag a (h)oifig. Is féidir leat cóip a sheoladh chuig an aturnae tríd an bpost cláraithe freisin.

Má rinne an páirtí ionadaíocht dó/di féin, ní mór duit an Fógra Achomhairc a sheirbheáil go díreach orthu le:

  • Post Cláraithe ag an seoladh deiridh atá ar eolas nó ag an seoladh oibre tráth nach déanaí ná 9 lá tar éis an dáta a rinneadh an tOrdú Cúirte Cuarda. Ní mór duit an deimhniú postais a choinneáil mar beidh sé ag teastáil uait níos déanaí.

  • Seirbheáil Phearsanta trí na doiciméid a sheirbheáil i bpearsa nó trí sheirbheálaí toghairme a úsáid. Is duine é sin a bhfuil saineolas aige/aici ar dhoiciméid dhlíthiúla a sheirbheáil. Ba cheart duit fiosrú faoi roimh ré mar bíonn táille ar an tseirbhís sin.

II. Cruthúnas ar sheirbheáil

Tar éis duit an Fógra Achomhairc a sheirbheáil, ní mór duit cruthúnas ar sheirbheáil a chur ar fáil don chúirt. Déanann tú é sin trí Mhionnscríbhinn Seirbheála a mhionnú nó trí Fhormhuiniú Seirbheála a chomhlánú. Má seirbheáladh an Fógra Achomhairc leis an bpost cláraithe, ní mór an deimhniú postais a chur ar fáil mar aon leis an rogha atá roghnaithe agat chun seirbheáil a chruthú.

  • Mionnscríbhinn Seirbheála: Is doiciméad faoi mhionn é Mionnscríbhinn Seirbheála lena bhfíoraítear gur seirbheáladh an Fógra Achomhairc ar pháirtí ábhartha. Ní mór an mhionnscríbhinn a bheith fianaithe agus sínithe ag coimisinéir mionnaí nó ag aturnae (ach ní ag d'aturnae féin). D'fhéadfadh táille a bheith i gceist don tseirbhís seo, mar sin déan cinnte ceist a chur roimh ré.

  • Formhuiniú Seirbheála: Is féidir seirbheáil a chruthú freisin trí shonraí na seirbheála a scríobh ar chúl an Fhógra Achomhairc. Tugtar formhuiniú seirbheála air sin. Ní mór an méid seo a leanas a lua san fhormhuiniú:
    • Cé a sheirbheáil an doiciméad
    • Cé air a seirbheáladh an doiciméad
    • Seoladh na seirbheála
    • An modh seirbheála, mar shampla, tríd an bpost cláraithe nó trí sheirbheáil phearsanta
    • Dáta na seirbheála

Na doiciméid a thaisceadh in oifig na cúirte

Nuair a sheirbheáiltear é, ní mór duit an Fógra Achomhairc agus cruthúnas ar sheirbheáil a chomhdú san Oifig Chúirte ábhartha laistigh de dheich lá ón lá a rinneadh an t-Ordú Cúirte Cuarda. Gheobhaidh tú uimhir thaifid agus dáta cúirte ó oifig na cúirte. Ní mór duit an dáta cúirte sin a chur in iúl do gach páirtí eile san achomharc.

Sula n-éistfear an t-achomharc, ní mór duit leabhar achomhairc innéacsaithe a thaisceadh ina bhfuil cóipeanna de na pléadálacha agus de gach doiciméad eile a theastaíonn chun an t-achomharc a éisteacht. Ní mór duit freisin cóip den leabhar achomhairc a thabhairt do gach páirtí eile a ndéanann an t-achomharc difear dóibh.

Má tá sé i gceist agat fianaise nua a thabhairt chun na Cúirte, ní mór duit mionnscríbhinn a sheirbheáil agus a chomhdú ina leagtar amach cineál na fianaise nua agus na cúiseanna nár cuireadh faoi bhráid na Cúirte Cuarda é.