Conas Iarratas a Dhéanamh

Céim 2
Bíodh a fhios agat cá háit le d'Fhógra Achomhairc a chomhdú

Braitheann an áit ar cheart duit d'Fhógra Achomhairc a chomhdú ar an áit a ndearnadh an t-ordú Cúirte Cuarda, agus ar cibé ar tugadh fianaise ó bhéal agus an cás á chinneadh. Ciallaíonn fianaise ó bhéal gur thug páirtí nó finné fianaise labhartha nó fianaise shínithe faoi mhionn don chúirt i bpearsa nó trí mhodh fíorúil.

Má rinneadh ordú na Cúirte Cuarda i mBaile Átha Cliath, ní mór duit d'Fhógra Achomhairc a chomhdú i bPríomh-Oifig na hArd-Chúirte i mBaile Átha Cliath. Éistfear an t-achomharc i mBaile Átha Cliath freisin.

Má rinneadh ordú na Cúirte Cuarda lasmuigh de Bhaile Átha Cliath agus mura tugadh aon fhianaise ó bhéal sa Chúirt Chuarda, ní mór duit an Fógra Achomhairc a chomhdú i bPríomh-Oifig na hArd-Chúirte i mBaile Átha Cliath. Éistfear an t-achomharc i mBaile Átha Cliath freisin.

Má rinneadh ordú na Cúirte Cuarda lasmuigh de Bhaile Átha Cliath agus mura tugadh aon fhianaise ó bhéal sa Chúirt Chuarda, ní mór duit an Fógra Achomhairc a chomhdú sa Phríomh-Oifig sa chontae ina ndearnadh do chás Cúirte Cuarda. Éistfear an t-achomharc ansin in ionad cúige.