Conas Iarratas a Dhéanamh

Déantar formhór na n-iarratas ar chaomhnóireacht, coimeád agus rochtain sa Chúirt Dúiche. I gcásanna áirithe, a bhaineann le cásanna níos casta, is féidir iarratas a dhéanamh sa Chúirt Chuarda nó san Ard-Chúirt. Tá a rialacha féin ag gach cúirt maidir le conas iarratas a dhéanamh ar ordú cúirte.

Chun iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Dúiche tá roinnt céimeanna le glacadh. Baineann an t-eolas a chuirtear ar fáil anseo le hiarratais ón gCúirt Dúiche ar chaomhnóireacht, ar choimeád, ar rochtain agus le hiarratais ar thoiliú caomhnóra chun pas a eisiúint a ligean thar ceal.

Tugtar an t-iarratasóir ar an duine atá ag déanamh iarratais. Tugtar an freagróir ar an duine a fhaigheann iarratas.

Ní ghearrann an tSeirbhís Chúirteanna táille as iarratais Dlí Teaghlaigh a dhéanamh. Ba cheart duit táillí a phlé le d'ionadaí dlíthiúil, nó le d'eadránaí má roghnaíonn tú a c(h)uid seirbhísí a úsáid.

Níl san eolas go léir ach treoir. Seiceáil reachtaíocht agus rialacha cúirte i gcónaí lena chinntiú go bhfuil d'iarratas ceart. B'fhéidir gur mhaith leat comhairle dlí a fháil chun tuiscint níos fearr a fháil ar a bhfuil i gceist.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig oifig na Cúirte Dúiche sa cheantar ina gcónaíonn nó ina n-oibríonn tú féin nó an freagróir. Má tá cónaí ar cheachtar agaibh nó má oibríonn ceachtar agaibh i mBaile Átha Cliath, d'fhéadfadh gurb í Oifig Dlí Teaghlaigh Chúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath d'oifig áitiúil, ar a dtugtar Teach an Charnáin freisin. Is eisceacht air sin é má tá cónaí ort nó má oibríonn tú i gceantar atá clúdaithe ag Oifig Cúirte Dúiche Shoird agus Bhaile Brigín. Sa chás sin, d'fhéadfadh gurb í Oifig Cúirte Dúiche Shoird agus Bhaile Brigín d'oifig áitiúil.

Ní hionann an próiseas iarratais dóibh siúd atá ag déanamh iarratais i dTeach an Charnáin agus an próiseas don chuid eile den tír. Roghnaigh "Conas Iarratas a Dhéanamh (Teach an Charnáin)" don phróiseas sonrach maidir le Teach an Charnáin.

Aimsigh do cheantar Cúirte Dúiche áitiúil>

Aimsigh Oifig na Seirbhíse Cúirteanna is áitiúla duit anseo >

Smaoinigh ar eadráin agus ar chomhairle dlí

Féadfaidh tú féin agus an freagróir aontú ar shocruithe do bhur leanaí. Déanfaidh breitheamh aon chomhaontú a bhreithniú mar chuid d'iarratas cúirte. Sula ndéanann tú iarratas chun na cúirte, ba cheart smaoineamh faoi eadráin agus cinneadh a dhéanamh maidir le comhairle ghairmiúil dlí a fháil nó ionadaíocht a dhéanamh duit féin.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin >

Déan cinneadh maidir le cá háit le d'iarratas a dhéanamh

Is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig oifig na Cúirte Dúiche sa cheantar ina gcónaíonn nó ina n-oibríonn tú féin nó an freagróir. Má tá d'iarratas práinneach, cuir é sin in iúl d'fhoireann na hOifige Cúirte mar tá seans go mbeifí in ann éisteacht le d'iarratas i gceantar Cúirte Dúiche eile

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin >

Íoslódáil agus comhlánaigh an páipéarachas

Íoslódáil an fhoirm iarratais ábhartha le haghaidh do shaincheist Dlí Teaghlaigh ar leith. Mura féidir leat foirm a íoslódáil, is féidir leat í a iarraidh ó d'oifig chúirte áitiúil. Comhlánaigh an fhoirm iarratais chuí. Déan cinnte go bhfuil an fhoirm sínithe agus dátaithe.

Ba cheart duit féin nó do d'ionadaí dlíthiúil teagmháil a dhéanamh le hoifig na Seirbhíse Cúirteanna nó cuairt a thabhairt uirthi chun an chéad dáta cúirte eile atá ar fáil le haghaidh d'iarratais a iarraidh.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin >

Seirbheáil na doiciméid agus cuir cruthúnas ar sheirbheáil ar fáil

Ní mór duit na doiciméid a sheoladh chuig an bhfreagróir. Tugtar seirbheáil ar an bpróiseas sin. Beidh ort cruthúnas ar sheirbheáil a chur ar fáil don chúirt freisin. Déantar é sin trí Dhearbhú Reachtúil i dTaobh Seirbheála a chomhlánú.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin >

Taisc doiciméid le hoifig na cúirte

Ní mór duit an t-iarratas bunaidh, Dearbhú Reachtúil i dTaobh Seirbheála agus Ráiteas Socruithe (más infheidhme) a thaisceadh le hoifig na cúirte. Ba chóir duit é sin a dhéanamh chomh luath agus is féidir ach ar a laghad dhá lá roimh dháta na héisteachta cúirte. Má tá na doiciméid in ord, liostófar an t-iarratas don chúirt agus deimhneofar an éisteacht chúirte.

Mura ndéantar na doiciméid a chomhlánú i gceart agus a chur ar ais in am, ní rachfar ar aghaidh leis an éisteacht chúirte.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin >

Freastail ar éisteacht chúirte

Ba chóir duit féin agus don fhreagróir freastal ar an gcúirt chun go n-éistfidh breitheamh an cás. Éistfidh an breitheamh fianaise ón mbeirt agaibh agus déanfaidh sé/sí cinneadh. Tugtar ordú cúirte ar chinneadh an bhreithimh.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin >

Faigh ordú cúirte

Tar éis na héisteachta cúirte, gheobhaidh tú agus an freagróir araon cóip den ordú cúirte a luaithe a bheidh sé réidh.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin >

Smaoinigh ar eadráin agus ar chomhairle dlí

Féadfaidh tú féin agus an freagróir aontú ar shocruithe do bhur leanaí. Déanfaidh breitheamh aon chomhaontú a bhreithniú mar chuid d'iarratas cúirte. Sula ndéanann tú iarratas chun na cúirte, ba cheart smaoineamh faoi eadráin agus cinneadh a dhéanamh maidir le comhairle ghairmiúil dlí a fháil nó ionadaíocht a dhéanamh duit féin.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin > 

Cuir coinne in áirithe i dTeach an Charnáin

Má tá cónaí ar cheachtar agaibh nó má oibríonn ceachtar agaibh i mBaile Átha Cliath, d'fhéadfadh gurb í d'oifig áitiúil Oifig Dlí Teaghlaigh Chúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath, ar a dtugtar Teach an Charnáin freisin. Beidh ort coinne a chur in áirithe ar líne ar dtús sula bhfreastalaíonn tú ar oifig na cúirte.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin > 

Freastail ar choinne i dTeach an Charnáin

Ag an gcoinne, tabharfaidh ball foirne in oifig na cúirte tú tríd an bpróiseas chun d'iarratas ar chaomhnóireacht, ar choimeád nó ar rochtain a chomhlánú agus a chur isteach. Tá roinnt doiciméad ann freisin nach mór duit a chomhlánú roimh ré agus a thabhairt leat.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin >

Freastail ar éisteacht chúirte

Ba chóir duit féin agus don fhreagróir freastal ar an gcúirt chun go n-éistfidh breitheamh an cás. Éistfidh an breitheamh fianaise ón mbeirt agaibh agus déanfaidh sé/sí cinneadh. Tugtar ordú cúirte ar chinneadh an bhreithimh.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin >

Faigh ordú cúirte

Tar éis na héisteachta cúirte, gheobhaidh tú agus an freagróir araon cóip den ordú cúirte a luaithe a bheidh sé réidh.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin >