An Próiseas Colscartha

Céim 4
Freagraíonn an freagróir

Nuair a bheidh na páipéir cholscartha faighte ag an bhfreagróir, is féidir leis/léi toiliú (aontú) le téarmaí an cholscartha mar atá leagtha amach sa Bhille Sibhialta. Is féidir leis/léi cur in aghaidh na dtéarmaí (easaontú) freisin. Cibé cinneadh a dhéanann an freagróir, ní mór dó/di láithreas a thaifeadadh le hoifig na cúirte.

Má chinneann an freagróir gan freagra a thabhairt ar an mBille Sibhialta, féadfaidh an t-iarratasóir fós a iarraidh ar an gcúirt dul ar aghaidh leis an gcolscaradh.

Conas láithreas a thaifeadadh

Beidh ar an bhfreagróir Foirm 5 - Taifeadadh Láithris a chomhlánú. I bhformhór na gcúinsí, tá 10 lá ag an bhfreagróir chun an fhoirm a chur faoi bhráid oifig na cúirte. Tá an t-achar ama atá ag an bhfreagróir é sin a dhéanamh scríofa ar an mbille sibhialta.

Tuilleadh eolais maidir le conas láithreas a thaifeadadh >

Toilíonn (aontaíonn) an freagróir

Má aontaíonn an freagróir le téarmaí an cholscartha mar atá leagtha amach sa bhille sibhialta, is féidir leis/léi litir a sheoladh chuig an iarratasóir ina luaitear go n-aontaíonn sé/sí. Tugtar cás toilithe air seo.

Má chomhaontaíonn an t-iarratasóir agus an freagróir araon maidir le téarmaí an cholscartha, de ghnáth bíonn an próiseas níos tapúla agus níos simplí dá bharr. Fiú mura gcomhaontaíonn an dá pháirtí ar dtús, is féidir leo a n-intinn a athrú agus teacht ar chomhaontú ag céim ar bith sa phróiseas.

Déanfaidh breitheamh aon chomhaontú faoi théarmaí an cholscartha a bhreithniú mar chuid d'ordú cúirte. D'fhéadfadh an breitheamh a iarraidh go gcuirfí eolas breise nó doiciméid nuashonraithe ar fáil sula ndéanfaidh sé/sí cinneadh críochnaitheach.

Tuilleadh eolais maidir le cabhair a fháil chun teacht ar chomhaontú >

Má thoilíonn sé/sí leis an gcolscaradh, beidh ar an bhfreagróir an méid seo a leanas a chomhlánú freisin:

  • Mionnscríbhinn Acmhainne. Is ráiteas é sin ina leagtar amach cúinsí airgeadais an fhreagróra. (Foirm 37A)
  • Mionnscríbhinn Leasa. Is ráiteas é sin a bhaineann le leas aon leanaí cleithiúnacha den phósadh. (Foirm 37B)

Ní mór don iarratasóir gach mionnscríbhinn atá liostaithe thuas a shíniú i bpearsa os comhair aturnae (ach ní os comhair a n-aturnae féin) nó os comhair an Choimisinéara Mionnaí agus a mhionnú go bhfuil an t-eolas a thugtar ceart sula ndéantar é a chomhdú le hoifig na cúirte agus é a sheirbheáil ar an bpáirtí eile.

Cuireann an t-iarratasóir agus an freagróir in aghaidh na dtéarmaí (easaontaíonn siad)

Mura n-aontaíonn an freagróir le téarmaí an cholscartha, tugtar cás faoi chonspóid air sin. Chun cur in aghaidh an cholscartha, beidh ar an bhfreagróir na nithe seo a leanas a chomhlánú:

  • Doiciméad Cosanta. Déanann sé sin aon téarmaí sa bhille sibhialta a dhíospóid agus leagtar amach ann an méid a mhaíonn an freagróir a bheith i dteideal. (Foirm 6A)
  • Mionnscríbhinn Acmhainne. Is ráiteas é sin ina leagtar amach cúinsí airgeadais an fhreagróra. (Foirm 37A)
  • Mionnscríbhinn Leasa. Is ráiteas é sin a bhaineann le leas aon leanaí cleithiúnacha den phósadh. (Foirm 37B)

Ní mór don fhreagróir gach mionnscríbhinn liostaithe thuas a shíniú i bpearsa os comhair aturnae (ach ní os comhair a n-aturnae féin) nó os comhair an Choimisinéara Mionnaí agus a mhionnú go bhfuil an t-eolas a thugtar ceart.

Tuilleadh eolais maidir le Cosaint a chomhlánú > 

Cruthúnas ar sheirbheáil

Iarrfaidh an chúirt cruthúnas gur sheol an freagróir na doiciméid ábhartha go léir chuig an iarratasóir. Ciallaíonn sé sin nach mór don fhreagróir Mionnscríbhinn Seirbheála a chomhlánú. Ní mór don fhreagróir gach mionnscríbhinn a shíniú i bpearsa os comhair aturnae (ach ní os comhair a n-aturnae féin) nó os comhair an Choimisinéara Mionnaí chun a mhionnú go bhfuil an t-eolas a thugtar ceart.

Má tá an freagróir ag iarraidh ar an gcúirt cinneadh a dhéanamh maidir le pinsean, ní mór dóibh fógra a sheirbheáil ar iontaobhaithe na scéime pinsin.

Tuilleadh eolais maidir le conas doiciméid a sheirbheáil agus cruthúnas ar sheirbheáil >